acmhainn.ie
Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
|
|
Tá moltaí nua ón gCoiste Téarmaíochta maidir le pointí áirithe gramadaí a shimpliú agus a shoiléiriú. Breis eolais anseo
Saothar an Choiste Téarmaíochta (ar fáil anseo)
Foilsímid cnuasach de
liostaí téarmaí a d’ullmhaigh an Coiste Téarmaíochta. Áis shárluachmhar is ea é
do lucht úsáidte na Gaeilge. Is de réir a chéile a chuirfear an bunachar le
chéile. Toisc na comhaid a bheith an-mhór tá leathanach ar leith curtha ar
leataobh againn, maraon le nótaí agus nuacht a bhaineann le hobair an Choiste.
I measc an tsaothair nua tá:
|
|
agus
cnuasaigh a bhaineann le:
|
|
tá saothar an Choiste Téarmaíochta ar fáil anseo
Foclóirí agus liostaí téarmaíochta eile
Ginearálta
NUA
Focloir
an Duinnínigh
Leagan leictreonach
d’Fhoclóir an Duinnínigh, curtha ar fáil ag Ollscoil Luimnigh.
http://glg.csisdmz.ul.ie/fgb/iomhanna/index.php?menu
Focloir
Gaeilge.ie
Comhfhoclóir Gaeilge-Béarla é
seo atá scríofa, curtha in eagar agus smachtaithe ag na h-úsáideoirí féin.
http://www.focloirgaeilge.ie/
Eurodicautom
Bunachar téarmaíochta an
Aontais Eorpaigh
https://iate.cdt.eu.int/iatenew/consultation/search/basic.jsp
An
Lámhleabhar Miondíola
Téarmaí siopadóireachta,
ollmhargaidh srl. Foras na Gaeilge a d'fhoilsigh.
http://www.forasnagaeilge.ie/dynamic/publications/L%C3%A1mhleabhar%20Miond%C3%ADola%20(S).pdf
Ainmneacha
na nÉan
Colm Ó Caomhánaigh a réitigh
an liosta Béarla-Gaeilge, Gaeilge-Béarla seo.
http://gofree.indigo.ie/~cocaomh/HomePage.htm
An Foclóir
Stairiúil
Le foireann Fhoclóir Stairiúil
Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá roinnt iontrálacha samplacha ann a léiríonn cur
chuige agus ábhar an tionscadail mhóir seo.
http://www.ria.ie/projects/fng/reamhra.html
Bunachar
Téarmaíochta Chomhairle Airí an Aontais Eorpaigh
Is féidir bunachar
téarmaíochta Chomhairle Airí an Aontais Eorpaigh a chuartú ag an seoladh seo: http://tis.consilium.eu.int/
Níl le déanamh ach dul go dtí TIS
Enquiry Interface, teanga an bhuntéacs agus teanga an aistriúcháin a
roghnú, an focal atá uait a chló isteach agus cliceáil ar an gcnaipe
cuartaithe. Ní hé amháin go n-aimsítear an téarma Gaeilge (más ann dó), ach
soláthraítear samplaí d’úsáid an téarma ó cháipéisí de chuid na Comhairle.
Fuarthas 25 sampla d’úsáid an fhocail ‘cuóta’, cuir i gcás. Táimid buíoch do
Panu Höglund as muid a chur ar an eolas faoin láithreán seo.
An Foclóir
Beag
Comhéadan a ligeann duit An
Foclóir Beag (an Gúm, 1991) a chuardach ar líne. Roinn na Ríomheolaíochta,
Ollscoil Luimnigh a dhear é. Is é bua mór an láithreáin seo ná go bhfuil cuntas
cuimsitheach gramadaí ann ar thuisil, ar aimsirí, ar fhoirmeacha ceisteacha
agus diúltacha agus ar rudaí eile nach féidir a chlúdach i bhfoclóir clóite,
cheal spáis.
http://www.csis.ul.ie/focloir/
Dlí
Liosta de
Théarmaí Dlíthiúla
Is é atá anseo na téarmaí
oifigiúla a ceadaíodh leis an Ordú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 1), 1947.
Rinneadh an cnuasach a bhaint as an Irish Statute Book Database 1922-1998. Tá
an cnuasach seo ar fáil i bhformáidí éagsúla. Tabhair faoi deara go litrítear
"Téarmaí Dlí" go mícheart ar an leathanach tosaigh den fhoclóir -
téann an litriú seo siar go dtí an chéad eagrán den liosta. Cuirtear na téarmaí
seo ar fáil le caoinchead Sheirbhís na gCúirteanna.
Leagan HTML anseo
Leagan Word anseo
Leagan PDF anseo
An Earnáil Phoiblí
An Tobar
Cnuasach de théarmaí Gaeilge don
earnáil phoiblí a d’fhoilsigh Bord na Gaeilge i bhfoirm leabhráin sa bhliain
1996. Ar na réimsí a chlúdaítear tá bóithre agus trácht, cúram ospidéil agus
cúram pobail, obair an fháilteora/an ghuthánaí, sráideanna, bóithre agus
eastáit, cúrsaí airgeadais agus boird agus comhairlí.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~smacsuib/bng/tobar/
An Litríocht
Foclóir
Gaeilge-Béarla do Chúirt an Mheán Oíche
Gluais a d’ullmhaigh Nollaig Ó
Fathaigh le haghaidh mhórshaothar Merriman. Tá tuilleadh ábhair ar an láithreán
a bhaineann leis an ábhar céanna.
http://www.homesteader.com/merriman/glossary.html
Foclóirín
Gaeilge Chúige Uladh
Liosta focal as saothar údair
Ghaeltacht Chúige Uladh. Fágadh an litriú mar a bhí sna buntéacsanna.
http://www.geocities.com/Athens/8308/Voces-Uladh.html
Canúint Chúige Uladh
'Gréasán Focal Gaeilge',
foclóir Ultach bunaithe ar lámhscríbhínní Conallacha i gcartlann Roinn
Bhéaloideas Éireann. Gan údar luaite. Fógraítear nach bhfuil an obair tugtha
chun críche go fóill agus go mbeifear ag cur leis de réir a chéile.
http://homepage.eircom.net/~gfg/m.htm
Tús le Foclóir Ultach
'An Embryonic English-Ulster
Irish Dictionary' a thugann Ciarán Ó Duibhín air seo. Saothar leanúnach atá
ann, a mbeifear ag cur leis i gcónaí.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/fbg.txt
Tá foclóir eile idir lámha
ag Ciarán Ó Duibhín de Ghaeilge Oirthear Uladh.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/eufocloir.doc
Logainmneacha
Gasaitéar
na hÉireann
Is féidir leagan nua de Ghaisaitéar
na hÉireann a íoslódáil anois i bhfoirm Word.
http://www.logainm.ie
Orduithe Logainmneacha
Orduithe oifigiúla maidir le
logainmneacha. Orduithe a bhaineann le Ceantair Ghaeltachta; Cúigí agus
Contaetha; agus na contaetha seo a leanas: Cill Chainnigh, Muineachán, Uibh
Fháilí, Lú, Luimneach agus Port Láirge
http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/AnBrainseLogainmneacha/OrdaitheLogainmneacha/
Irish
Placenames Database
Eolas ar logainmneacha Chontae
na Gaillimhe. Is minic an leagan Gaeilge fágtha ar lár, ach tá roinnt eolais
ann a d’fhéadfadh a bheith úsáideach.
http://www.galway.net/gcs/GCS?h=gis.listplaces&c=10
Logainmneacha
Ghleann Cholm Cille
Dornán beag de logainmneacha
an pharóiste Ghaeltachta seo de chuid dheisceart Dhún na nGall. Ar láithreán
Oideas Gael atá sé.
http://home.primus.com.au/conaill/gleann/html/logainmneacha.html
Sráidainmneacha
Bhaile Átha Cliath
Saothar leanúnach taighde le
Séamas Ó Brógáin a bhfuil sé de chuspóir aige leaganacha údarásacha Gaeilge a
sholáthar ar shráidainmneacha na príomhchathrach agus iad a bheith cruinn ó
thaobh na staire agus na gramadaí.
http://www.iol.ie/~sob/sraid
Locus
Leagan inchuardaithe den
leabhar Onomasticon Goedelicum: locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae: an
index, with identifications, to the Gaelic names of places and tribes le
Edmund Hogan, S.J. Tionscadal de chuid Roinn na Sean- agus na
Meán-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
http://doi.ucc.ie
Aibhneacha
Liosta d'ainmneacha
aibhneacha, srutháin srl. in Éirinn agus in Albain. Ó shuíomh na hirise léinn Ainm,
Journal of the Ulster Place-name Society. Ní thugtar leagan Gaeilge i ngach
cás, ach tá eolas fíorluachmhar ann.
http://www.ulsterplacenames.org/ainm_index_by_waters.htm
Logainmneacha de réir contae
Liosta de logainmneacha a pléadh
san iris léinn Ainm, Journal of the Ulster Place-name Society. Béim ar leith ar
Chúige Uladh. Arís, ní thugtar leagan Gaeilge i ngach cás, ach tá eolas
fíorluachmhar ann..
http://www.ulsterplacenames.org/ainm_index_by_counties.htm
Réalteolaíocht
Foclóir
réalteolaíochta
Gluais beag téarmaí le Pól Ó
Dúrois a ullmhaíodh chun tacú leis na míreanna réalteolaíochta a chuireann sé i
láthair ar Blas, clár Gaeilge de chuid BBC Raidió Uladh.
http://www.bbc.co.uk/northernireland/blas/astronomy/glossary.shtml
Ríomhaireacht agus Próiseáil Focal
1,000 Téarma
Ríomhaireachta
Liosta Gaeilge-Béarla, Béarla-Gaeilge
de théarmaí ríomhaireachta a réitigh FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath.
http://www.dcu.ie/fiontar/focloiri.shtml
Bunachar
téarmaíochta inchuardaigh le haghaidh an bhrabhsálaí OPERA
Más cainteoir Gaeilge,
Breatnaise nó Briotáinise thú atá ag lorg téarma a bhaineann le Teicneolaíocht
an Eolais níor mhiste duit triail a bhaint as seo. Is é atá ann bunachar de
théarmaí idirlín a úsáideadh le linn do bhrabhsálaí OPERA a bheith á dhearadh.
Is féidir téarmaí a chuardach go dátheangach ag úsáid aon phéire de na
teangacha thuasluaite. Is féidir Fraincis agus Béarla a úsáid chomh maith.
http://www.eblul.org/dart/search.htm
|
|
|
