acmhainn.ie
Naisc
Rogha de na láithreáin a mheasamar a bheadh inspéise ag úsáideoirí acmhainn.ie. Más mian leat féin nasc a mholadh, cuir teachtaireacht chugainn ag an seoladh seo eagarthoir@acmhainn.ie
Aistriúchán
Treoracha
d’Aistritheoirí Gaeilge
Treoracha d’aistritheoirí Gaeilge – foilsithe ag Coimisiún na
hEorpa, nasc ar fáil ag leathanach acmhainní an Choimisiúin:
http://ec.europa.eu/translation/language_aids/irish_en.htm
nó is
féidir dul díreach chuig an gcáipéis PDF ag
Treoir Eagarthóireachta d’Aistritheoirí – Roinn
Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thuaisceart Éireann
Nóta ó AML: Tá Treoracha Eagarthóireachta
d'Aistritheoirí foilsithe ar shuíomh DCAL ó thuaidh: http://www.dcalni.gov.uk/translation_guidelines.doc.
Is le Gaeilge Uladh a bhaineann roinnt mhaith dá bhfuil ann, ach tá plé
suimiúil ann ar phointí deacrachta a thagann aníos go mion is go minic i
dtéacsanna Gaeilge de gach cineál. B'fhiú é a íoslódáil mura bhfuil ann ach an
liosta foinsí.
Rialacha
Cúirte Dúiche
Tá leagan leictreonach Gaeilge
de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse
Cúirteanna, www.courts.ie (faoi ‘As
Gaeilge’). Is féidir na téarmaí Béarla atá aistrithe ansin a lorg sa leagan
Béarla de na Rialacha Cúirte sin, i.e., Ionstraim Reachtúil 93 de 1997, san
Irish Statute Book (www.irishstatutebook.ie).
Tá CD-Rom den Irish Statute Book 1922-2003 ann leis agus má tá úsáid á baint
agat as an CD-Rom sin, téigh go ‘Cuardaigh’ (6: ‘Cuardaigh I.R. le haghaidh
focail/frása’), ansin cuir isteach 93 (mar ‘Uimhir’) agus 1997 (‘Bliain’)
agus ina dhiaidh sin cibé focal nó frása atá á lorg agat.
Bunreacht
na hÉireann - staidéar
Tá Bunreacht na hÉireann:
A Study of the Irish text, le Micheál Ó Cearúil, ar fáil ar www.constitution.ie, faoi fhoilseacháin,
agus é inchuardaigh go leictreonach – tá innéacs de théarmaí Béarla agus
Gaeilge ag gabháil leis chomh maith. Tá sé seo áisiúil don aistritheoir,
neamhspleách ar chomhthéacs an Bhunreachta, sa mhéid go bpléitear na téarmaí
atá sa Bhunreacht agus go dtugtar samplaí de shlite éagsúla inar aistríodh iad
in Achtanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta.
Achtanna
Áis thábhachtach d’aistritheoirí
agus do lucht na Gaeilge trí chéile. Toradh is ea é ar thionscadal de chuid
Rannóg an Aistriúcháin chun téacs Gaeilge agus Béarla gach achta de chuid an
Oireachtais ó 1922 achur ar fáil.
http://www.achtanna.ie
The Art of
Translation
Comhfhiontar idir The British
Centre for Literary Translation agus The British Council. Ailt ghearra mar
gheall ar stair agus ar theoiric an aistriúcháin agus sleachta as téacsanna ar
nós ‘Trainspotting’, ‘Asterix’ agus an Bíobla Naofa a léiríonn gnéithe den aistriúchán
liteartha.
http://www.literarytranslation.com/index2.html
Cumann
Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann
An eagraíocht a dhéanann ionadaíocht
ar son aistritheoirí agus teangairí in Éirinn. Eolas faoi bhallraíocht,
sheirbhísí an Chumainn, ghairm an aistritheora, rátaí íocaíochta agus araile.
http://homepage.tinet.ie/~translation/
Idirmhalartán
Litríochta Éireann
Eagraíocht a bunaíodh chun
litríocht na hÉireann, idir Ghaeilge agus Bhéarla, a chur á haistriú go
teangacha eile. Eolas faoi chuspóirí, dheontais, thionscadail reatha agus
araile.
http://www.irelandliterature.com/ie_intro.html
Institute of
Translation and Interpreting
Eagraíocht Bhriotanach d’aistritheoirí
gairmiúla. Is féidir roinnt foilseachán a chóipeáil ón láithreán a bheadh
an-úsáideach do dhaoine atá ag smaoineamh ar dhul i mbun ghairm an
aistriúcháin: ‘Getting into translation?’ agus ‘Questions you need to
ask’. Tá leabhrán beag ann a chuireann comhairle ar chuideachtaí a mbíonn
aistriúcháin á lorg acu: ‘Translation - getting it right. A guide to buying
translations/Traduction – faire les bons choix. Petit guide de l’acheteur de
traductions’.
http://www.iti.org.uk/pages/index.cgi
Láithreán ilteangach d’aistritheoirí
B’fhiú d’aistritheoirí Gaeilge
cuairt a thabhairt ar Inttranet®, láithreán ilteangach le haghaidh
aistritheoirí agus teangairí. Níl an Ghaeilge ar na teangacha a chlúdaítear
ann, go dtí seo ar aon chuma, ach maíonn na heagarthóirí go bhfuil siad báúil
le teangacha neamhfhorleathana a thabhairt isteach. Táthar ag lorg daoine a
bheadh sásta téacs an láithreáin a aistriú go teangacha eile.
(Nod: Roghnaigh HTML ar an
leathanach tosaigh chun an nasc is fearr a fháil)
http://www.inttra.net
Foclóirí agus liostaí
téarmaíochta Béarla
Lexicool
Is féidir breis agus 2000
foclóir a chuardach ar inneall cuardaigh amháin ag http://www.lexicool.com
NISS – Dictionaries and
Reference Works
Liosta cuimsitheach d’fhoinsí
leictreonacha inchuardaigh. Naisc ann le tuilleadh liostaí den chineál céanna.
http://www.niss.ac.uk/lis/dictres.html
An Ghaeilge
Cois
Life
Foilsitheoirí a bhfuil roinnt
mhaith leabhar faoi chúrsaí aistriúcháin agus faoi staid na Gaeilge foilsithe
acu. Catalóg, agallaimh le húdair agus tuilleadh
http://www.coislife.ie/
Foras na Gaeilge
Láithreán an Fhorais.
http://www.forasnagaeilge.ie/
Tobar na
Gaedhilge
Tá leagan nua de Tobar na
Gaedhilge réitithe ag Ciarán Ó Duibhín ar féidir é a
íoschóipeáil óna láithreán
féin.Tá roinnt leabhar nua curtha leis an gcnuasach, cúpla leabhar Fraincise
ina measc.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/tobar/
Réalteolaíocht
http://www.geocities.com/faolchu.geo/ollchruinne.html
Ábhar réalteolaíochta agus
eile le Panu Höglund.
Áiseanna
ríomhaireachta/próiseáil focal
AnyMIx
Maíonn na táirgeoirí go
réitíonn an bogearra seo na deacrachtaí a bhaineann le líon na bhfocal a chuntas
i gcomhaid d'fhormáidí éagsúla. Chomh maith leis sin, réiteoidh sé sonraisc
duit bunaithe ar an chomhaireamh focal.
Is féidir leagan trialach a
ordú ó: http://www.AnyMaxi.com/AnyMaxi4Setup.exe
Lingo 2.0
Tá leagan trialach de Lingo
2.0 for Windows le híoslódáil ó shuíomh gréasáin Lexicool. Maíonn na táirgeoirí
go gcuireann sé ar a gcumas d'aistritheoirí gluaiseanna téarmaíochta a chruthú
ar féidir iad a bhainistiú agus a chuardach go héasca.
Leagan trialach: http://www.lexicool.com/soft_lingo2.asp
WordFinder
Níor mhiste d’aistritheoirí a
bhíonn ag plé le teangacha seachas an Béarla agus an Ghaeilge glaoch a chur ar
New Grange Language Technology (+ 44 (0) 1562 632143) agus dlúthdhiosca saor in
aisce a lorg uathu. Taispeánann an dlúthdhiosca seo táirge nua dá gcuid .i.
WordFinder. Maíonn siad gur feidhmchlár leictreonach foclóireachta atá ann a
mholann téarmaí, frásaí agus focail chomhchiallacha don aistritheoir de réir
mar a bhíonn sé/sí ag aistriú. Maítear fosta go gcabhraíonn sé le leathanaigh
Idirlín i dteangacha iasachta a thuiscint, níl le déanamh ach cliceáil ar aon
fhocal nach dtuigtear chun aistriúchán a fháil air. Níl bogearraí Gaeilge ar
bith acu ach gach seans gurbh fhiú breathnú ar an dlúthdhiosca samplach, ó
tharla é a bheith ar fáil gan a dhath. Tá láithreán gréasáin ann freisin:
http://www.newgrangetraining.co.uk
Brabhsálaí
Brabhsálaí OPERA
Brabhsálaí OPERA 5.02, a
chuirfidh ar do chumas scimeáil ar an nGréasán agus teachtaireachtaí
ríomhphoist a sheoladh agus a fháil trí mheán na Gaeilge (nó trí mheán Ghaeilge
na hAlban, na Breatnaise nó na Briotáinise). Féach freisin Banc Téarmaíochta
OPERA faoin gceannteideal Ríomhaireacht agus Próiseáil Focal.
http://www.eblul.org/dart/pages/en/welcome.htm
Bunachar focal
GAELDICT
Leagan nua de GAELDICT atá
curtha in oiriúint do Windows. Bunachar de théacsanna Gaeilge agus béim ar
leith ann ar údair Ghaeltacht Thír Chonaill. Is féidir focal a iontráil agus na
téacsanna a chuardach le haghaidh samplaí d’úsáid an fhocail sin. Áis
an-luachmhar ar fad a ligeann d’úsáideoirí leas a bhaint as na sáraistriúcháin
a rinneadh ar son an Ghúim agus as saothar bunaidh mhórúdair na Gaeltachta,
amhail Niall Ó Dónaill, Seosamh Mac Grianna, Pádraig Ua Maoileoin agus
tuilleadh. Is é an Dr Ciarán Ó Duibhín a dhear é. Tá sé ar fáil saor in aisce
ag an seoladh thíos:
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/tobar
Glossy
Bogearra is ea ‘Glossy’ a
úsáidtear chun bunachair théarmaíochta agus gluaiseanna a bhainistiú agus chun
leathanaigh Idirlín a aistriú. Is féidir é a chóipeáil saor in aisce ar http://www.foreignword.biz/software/glossy/download.aspx
Clónna
Gaelchló
Clónna Gaelacha saor in aisce
a dhear Vincent Morley.
http://www.gaelchlo.com
Uirlisí
profála
Gramadóir don
Ghaeilge
Tá ríomhchlár nua ag Kevin
Patrick Scannell chun gramadach na Gaeilge a cheartú (do ríomhairí
Linux/Unix faoi láthair). Baineadh úsáid as foclóirí agus téarmaí atá ar fáil
ag acmhainn.ie san obair seo. Tá sé ar fáil (saor in aisce) ó:
http://borel.slu.edu/gramadoir/
Litreoir na
Gaeilge
Tá Litreoir na Gaeilge ar fáil
anois ó laithreán Microsoft ag an seoladh seo a leanas: http://office.microsoft.com/downloads/2002/ptk.aspx
Saothar de chuid ITÉ, Coláiste
na Tríonóide agus Carlow Answers Ltd é an litreoir seo. Beidh sé in oiriuint do
MS Office 2002 (Word 2002, Excel 2002 srl) agus don chéad leagan eile de MS
Office (MS Office 10) ach faraor ní féidir é a chur ag obair ar leaganacha níos
sine.
GaelSpell
Tá leagan nua den litreoir
GaelSpell - GaelSpell 2007 - ar fáil anois do Office 2007. Tá an gramadóir
Ceart ar fáil anois agus tá ag éirí go maith leis. Gach eolas ag www.cruinneog.com
ispell-gaeilge
Le fáil ar an leathanach seo
tá an pacáiste ispell-gaeilge a dheimhníonn an litriú i gcáipéisí
Gaeilge le cabhair an fheidhmchláir International Ispell. Scríobh Kevin
P. Scannell an clár seo i mí Feabhra 2000, d'fhonn na deacrachtaí a bhaineann
le hidirnáisiúnú bogearra a léiriú. Is ceartaitheoir litrithe inaistrithe agus
idirghníomhach é International Ispell a ghlacann le teangacha eile seachas an
Béarla.
http://borel.slu.edu/~kps/ispell/
Doiciméid Pholasaí agus
Ghinearálta – Rialtas Phoblacht Éireann
An Bhratach
Náisiúnta
Stair agus ceartúsáid bhratach
na dtrí dhath ó láithreán Roinn an Taoisigh
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/1105.pdf
Leagan Béarla le fáil ag:
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/1104.pdf
Bunreacht na
hÉireann
Téacs iomlán an Bhunreachta
arna fhoilsiú ar láithreán Roinn an Taoisigh
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/298.pdf
Leagan Béarla ar fáil ag:
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/297.pdf
Clár um
Rathúnas agus Cothroime
Téacs iomlán an Chláir ó
láithreán Roinn an Taoisigh
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/1349.pdf
Leagan Béarla ar fáil ag:
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/310.pdf
Critéir agus
Nósanna Imeachta chun Aitheantas a Thabhairt do Bhunscoileanna Nua – Tuairisc
an Ghrúpa Stiúrtha
agus
Tuairisc an
Ghrúpa Oibre Teicniúil
Ó láithreán na Roinne
Oideachais agus Eolaíochta
http://www.education.ie/
(Roghnaigh Bainistíocht, ansin Bunoideachas, ansin Cáipéisí agus
Treoirlínte Beartais)
Feidhmiú
Shochaí an Eolais in Éirinn
Polasaí Rialtas na hÉireann i
dtaobh fhorbairt Theicneolaíocht an Eolais agus Cumarsáide ó láithreán Roinn an
Taoisigh
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/239.pdf
Leagan Béarla ar fáil ag:
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/238.pdf
An
Lámhleabhar Comh-aireachta
Treoir chuimsitheach ar conas
gnóthaí rialtais a chur ar aghaidh. Ó láithreán Roinn an Taoisigh.
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/1331.pdf
Leagan Béarla ar fáil ag:
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/233.pdf
Plean
Gníomhaíochta do Chustaiméirí ó Roinn an Taoisigh
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/469.pdf
Leagan Béarla ar fáil ag:
http://www.taoiseach.gov.ie/upload/publications/468.pdf
Tuarascáil
bhliantúil na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.
Ó láithreán na Roinne sin. Cé
nach tuarascáil reatha í (tuarascáil na bliana 1999 atá inti) is foinse mhaith
téarmaí í i gcónaí.
http://www.marine.gov.ie/
(Roghnaigh Publications)
Leagan Béarla ar fáil ag an
seoladh céanna.
|
|
|
