B’fhiú d’aistritheoirí Gaeilge cuairt a thabhairt ar Inttranet®, (http://www.inttra.net) láithreán ilteangach le haghaidh aistritheoirí agus teangairí. Níl an Ghaeilge ar na teangacha a chlúdaítear ann, go dtí seo ar aon chuma, ach maíonn na heagarthóirí go bhfuil siad báúil le teangacha neamhfhorleathana a thabhairt isteach: “by enabling the display of all languages, including those of ethnic minorities and even extinct tongues, not only does the Inttranet® put them all on an equal footing, it also helps preserve the most precious heritage of all: the diversity of cultures and ways of knowledge that they express.”
Táthar ag lorg daoine a bheadh sásta téacs an láithreáin a aistriú go teangacha eile. Bronnfar stádas founder member ar an aistritheoir, agus chomh maith le síntiús bliana saor in aisce. Timpeall 10,000 focal atá sa téacs Béarla.
Toradh ar thaighde dhá bhliain is
ea Inttranet®, a raibh lucht aistriúcháin agus teangeolaithe
as 26 tír páirteach ann. Ar na seirbhísí a
thairgtear ann tá bunachair théarmaíochta, bogearraí,
agus córais le haghaidh eolas a chuartú. Tá bunseirbhísí
Inttranet® ar fáil saor in aisce. Caithfidh síntiús
a íoc le haghaidh seirbhísí áirithe (€120
in aghaidh na bliana).
Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
Naisc | Cuardach | Baile |