acmhainn.ie

Léirmheas

As seo amach beidh léirmheasanna á bhfoilsiú ar www.acmhainn.ie ar leabhair a bhaineann le saibhriú nó le ceart na Gaeilge, leis an bhfoclóireacht agus an logainmníocht, leis an gcanúinteolaíocht agus an tsochtheangeolaíocht.

Beidh deis ag lucht léite na léirmheasanna a dtuairimí féin a nochtadh i dtaobh an leabhair agus i dtaobh an léirmheasa ach an téacs a chur chuig eagarthoir@iol.ie Foilseofar na tuairimí sin ar an suíomh.
 

Deireadh Fómhair 2005:
Is le Lillis Ó Laoire an chéad léirmheas a fhoilsímid, agus é ag trácht ar shaothar le Seán Mac Corraidh, Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir. Tá an léirmheas ar fáil anseo.

Samhain 2005:
Antain Mac Lochlainn a scríobh an léirmheas ar Farasbarr Feasa ar Éirinn le Alf Mac Lochlainn. Tá an léirmheas ar fáil anseo.

Eanáir 2006:
Léirmheas ag Patrick McKay ar Ó Lyon go Dún Lúiche: Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach le Art Ó Maolfhabhail. Tá an léirmheas ar fáil anseo.

Feabhra 2006:
Léirmheas ag Liam Mac Cóil ar Iarsmaí na Teanga: Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachais na hEorpa le Torlach Mac Con Midhe. Tá an léirmheas ar fáil anseo.


Fóram Ríomhphoist Cuardach Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta
Naisc Athchló Nuacht
Baile