Post ar fáil i nGaelchultúr

 

Tá post ar fáil i nGaelchultúr do dhuine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge aige/aici, idir labhartha agus scríofa, agus taithí ar an Ghaeilge a mhúineadh.

 

 

Na dualgais

 

- Cúrsaí teanga a phleanáil

- Pleananna ceachta agus acmhainní teagaisc a dhearadh do chineálacha éagsúla ranganna

- Gníomhaíochtaí a dhearadh don seomra ranga, do théacsleabhair agus do chúrsaí ar líne

- Cúrsaí ginearálta agus sainchúrsaí teanga a mhúineadh

 

 

Cáilíochtaí agus tréithe riachtanacha

 

- Bunchéim sa Ghaeilge nó a comhionann

- Taithí ar an Ghaeilge a mhúineadh

- Gaeilge den scoth, idir labhartha agus scríofa

- Scileanna maithe ríomhaireachta

- Scileanna maithe cumarsáide, idir labhartha agus scríofa

- Pearsantacht thaitneamhach, dhearfach

- Uaillmhian agus tiomantas

 

 

Cáilíocht inmhianaithe

 

- Iarchéim sa Ghaeilge

 

 

Tuarastal

 

- Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

 

 

Iarratais

 

Ba cheart CV reatha agus litir iarratais a sheoladh chuig darren@gaelchultur.com

 

 

Spriocdháta d’iarratais

 

5.00 p.m., Dé hAoine, 5 Samhain 2010

 

 


Oideas

Léirmheas

Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta

Fóram Ríomhphoist

Athchló

Nuacht

Naisc

Cuardach

Baile