|
•
Cúrsa a haon: 24-27 Aibreán 2006 agus
• Cúrsa a dó: 8-11 Bealtaine 2006. Tosóidh an chéad seisiún
ar 11.00am Dé Luain agus leanfaidh ar aghaidh go dtí 5.00pm
le sos lóin uair an chloig idir 1pm agus 2pm.
|
•
Cúrsa a trí:
Chomh maith leis sin beidh cúrsa dhá lá ar siúl Dé Sathairn 20 Bealtaine agus Dé Sathairn 27 Bealtaine, óna 10.00am go dtí 5.00pm. Is cúrsa leanúnach amháin é seo a bhfuil dhá sheisiún ann. Beidh ar na rannpháirtithe sa cheardlann seo ceachtanna aistriúcháin a dhéanamh ar a gconlán féin agus a chur ar fáil don teagascóir, mar chúiteamh ar ghiorra an chúrsa. |
Is iad aidhmeanna an chúrsa ná:
Ní gá do rannpháirtithe aon trealamh a thabhairt leo ach peann agus páipéar agus cóip de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill. Táille €100 a bheidh ar an gcúrsa, atá iníoctha le Acmhainn.
Más mian leat clárú leis an gcúrsa, comhlánaigh an fhoirm chlárúcháin agus seol ar ais í, mar aon leis an táille, go dtí: Antain Mac Lochlainn, Acmhainn, 23 Céide an tSionnaigh, Na Sceirí, Contae Bhaile Átha Cliath. Cuirfear sonraisc agus admhálacha ar fáil ar iarratas.
Má tá aon cheist agat i dtaobh na gceardlann, téigh i dteagmháil le hAntain Mac Lochlainn ag an seoladh thuas nó ar 01 8029826 nó ag an seoladh ríomhphoist antain@iol.ie
Foirm chlárúcháin agus bileog eolais ar fáil anseo (le priontáil amach)
Oideas | Léirmheas | Foclóirí agus Liostaí Téarmaíochta |
Fóram Ríomhphoist | Athchló | Nuacht |
Naisc | Cuardach | Baile |