An Téarmaíocht i gComhthéacs
Fidelma Ní Ghallchobhair, Rúnaí Choiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge
[Is leagan mionathraithe é seo d’aiste a foilsíodh ar An Aimsir Óg sa bhliain 2001]



Is laistigh den Roinn Oideachais a forbraíodh obair na téarmaíochta Gaeilge ar feadh bhunús an chéid seo caite. Chun freastal ar an ngá a bhí ann le téarmaíocht údarásach chaighdeánach a sholáthar don chóras oideachais bunaíodh coistí de shaineolaithe ar an nGaeilge chomh fada siar le 1927. Faoi Fhoras na Gaeilge, An Foras Teanga, atá cúram an Choiste ó mhí na Nollag, 1999.

Feidhmíonn an Coiste Téarmaíochta ar thrí leibhéal, mar atá:

Is go deonach a thugann baill na gcoistí go léir a gcuid ama is saineolais. Is iad seo a leanas na daoine a dhéanann freastal ar na cruinnithe míosúla den Choiste Stiúrtha:
An Dr. Eoghan Ó Súilleabháin (Cathaoirleach), An Roinn Oideachais agus Eolaíochta;
An tOll. Mícheál Mac Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh;
An Dr. Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, Droim Conrach;
Máire Nic Mhaoláin, An Gúm;
Íosold Ní Dheirg, Institiúid Teangeolaíochta Éireann;
Micheál Ó Cearúil, Rannóg an Aistriúcháin;
Eoin Ó Droighneáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh;
An Dr. Éamonn Ó hÓgáin, Acadamh Ríoga na hÉireann;
An tOll. Ruairí Ó hUiginn, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad;
Tadhg Ó hÚrdail, Ardrúnaíocht na Comhairle, An Bhruiséil;
Pádraig Ó Mianáin, Áisaonad Naomh Muire, Béal Feirste;
An tOll. Máirtín Ó Murchú, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath;
Seosamh Ó Murchú, An Gúm;
Maolmhaodhóg Ó Ruairc, Ardrúnaíocht na Comhairle, An Bhruiséil;
Donla uí Bhraonáin, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath;
Fidelma Ní Ghallchobhair (Rúnaí an Choiste).


Go dtí anois, níor cuireadh ar fáil don phobal ach na sainfhoclóirí sin a d'ullmhaigh na fochoistí. Ach is é saothar an Choiste Stiúrtha atá ar fáil ar an oll-liosta atá foilsithe ar acmhainn.ie - na téarmaí, leaganacha agus socruithe a cheap siad ag na cruinnithe míosúla.

Tá an obair seo sách difriúil ó ghnáthobair na bhfochoistí sa mhéid is gur ag plé le fiosruithe ilghnéitheacha téarmaíochta a bhíonn na baill, seachas ag díriú ar liostaí aibítre nó aicmithe saintéarmaí.

Le tuairim is deich mbliana anuas, tá méadú suntasach tagtha ar líon na bhfiosruithe a fhaighimid in oifig an Choiste. Is iondúil gur as obair aistriúcháin de chineál éigin a eascraíonn siad. Ar an ábhar sin, níor foilsíodh na téarmaí seo ach amháin sa chomhthéacs inar iarradh iad - leabhair, idir litríocht chruthaíoch is théacsleabhair, cáipéisí riaracháin, tuarascálacha, irisí, nuachtáin, cláir raidió nó teilifíse, comharthaí, fógraí, nó ceisteanna áirithe a bhaineann leis na sainfhoclóirí. De réir a chéile thosaigh muid ag bailiú an ábhair agus á chur in eagar agus bhí sé riamh i gceist a bhfuil againn a eisiúint ar an Idirlíon a luaithe is a bheadh lipéid nó noda réimse leis na téarmaí go léir agus eagar réasúnta maith orthu.

Feicfear ilghnéitheacht na hoibre ach spléachadh a thabhairt ar an oll-liosta.

Maidir leis na téarmaí féin, cuid acu is téarmaí nua teicniúla iad, cuid eile is gnáth-théarmaí iad nach raibh ar taifead cheana. I gcásanna eile, rinneadh téarmaí áirithe a leasú nó a athdhearbhú ar chúis amháin nó ar chúis eile. Is é an cur chuige, go ginearálta, maidir le téarma nua a cheapadh ná go bhféachtar ar dtús le leagan dúchasach a aimsiú nó síneadh brí a thabhairt d’fhocal dúchasach, nó leagan a cheapadh bunaithe ar mhíreanna dúchasacha. Mura mbíonn aon toradh sásúil ar an obair sin, téitear i mbun an téarma iasachta a thraslitriú, is é sin an focal iasachta a litriú de réir rialacha ortagrafaíochta na Gaeilge. Tá cur chuige an traslitrithe níos coitianta i measc téarmaí eolaíochta is teicniúla, ar ndóigh, faoi mar a tharlaíonn i dteangacha eile. I gcásanna áirithe, téarmaí cócaireachta ón bhFraincis mar shampla, fágtar na téarmaí sa bhunteanga faoi chló iodálach. I gcásanna eile, logainmneacha iasachta mar shampla, fágtar gan athrú iad faoi ghnáthchló, ar an dtuiscint gur leaganacha coitianta idirnáisiúnta iad.

Téann an Coiste i gcomhairle le Rannóg an Aistriúcháin, Dáil Éireann, maidir le téarma ar bith atá bainteach le cúrsaí dlí óir is acu siúd atá údarás i leith dlíthéarmaí, agus is ón Rannóg a thagann teidil ar Achtanna, ar Bhillí etc. Sa chás go mbíonn leagan Gaeilge in úsáid ag eagraíocht mar ainm nó teideal cheana féin, is gnách go gcloítear leis an leagan sin.

Cuid eile de na fiosruithe bhain siad leis an gcaoi le déileáil le téarma in abairt - cén réamhfhocal a théann lena leithéid de bhriathar nó cén t-iolra atá ag a leithéid d’ainmfhocal - nuair nach raibh an t-eolas seo ar fáil sna gnáthfhoinsí.

Frásaí a bhí i gceist i gcuid eile de na fiosruithe - is minic aistritheoirí maithe i bponc ag frásaí casta teicniúla Béarla. É sin nó bíonn béarlagar nó meafar Béarla le haistriú ar dhóigh éigin acu. Cé nach mbaineann an ghné seo go díreach le hobair na téarmaíochta, aithníonn an Coiste nach leor liostaí is foclóirí téarmaíochta chun cuidiú le daoine dul i ngleic le saol teicniúil an lae inniu.

Bíodh is gurbh fhearr linn ar fad go mbeadh bunobair á tionscnamh as Gaeilge, ní fhágann sin nach mbíonn lucht aistriúcháin ar a mine ghéire ag iarraidh ábhar a thiontú ó Bhéarla go Gaeilge a.l.i.f. (leagan aistritheora áirithe ar a.s.a.p.!)

Go ginearálta, molann an Coiste Stiúrtha do dhaoine ábhar a aistriú ar bhealach nádúrtha dúchasach, agus teacht timpeall ar an gcarraig Bhéarla le gnáth-Ghaeilge. Is minic nach leor an cleas seo don aistritheoir bocht, áfach – tharlódh gur cheanndteidil, iontrálacha in innéacs, nó liosta de ghnéithe a bheadh i gceist. Minic go leor bíonn teorainneacha spáis le cur san áireamh – líon áirithe carachtar, b’fhéidir, é sin nó tá cáiliú éigin eile le déanamh ar an gcoincheap sa dóigh is nach ndéanfaidh frása fada Gaeilge cúis. Sna cásanna sin, ní mór cromadh ar leaganacha nua a cheapadh, bíodh is gur mínádúrtha ar an gcluais iad go minic. Uaireanta, déanann an Coiste dhá mholadh, leagan gnáth-Ghaeilge agus leagan nuacheaptha i gcomhair na géarchéime. Go príomha, tugtar aonaid an téarma agus moltar don aistritheoir/eagarthóir iad a chur i bhfeidhm faoi chulaith na Gaeilge ar bhealach nádúrtha.

Sa mhéid is go bhfuil noda réimse curtha leis na téarmaí san Oll-liosta a fhoilsítear anseo, beidh sé úsáideach mar fhoinse agus atheagráin de chuid de na sainfhoclóirí á réiteach. Chomh maith leis sin, tá súil againn go mbeidh sé ina áis ag lucht úsáidte na Gaeilge i gcoitinne.

Más mian le daoine fiosruithe a dhéanamh i dtaobh cúrsaí téarmaíochta, is féidir iad a chur chuig
An Rúnaí, An Coiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge, 27 Sr. Fhreidric, Thuaidh, BÁC 1.
r-phost: tearmai@forasnagaeilge.ie