Togra
gréasán-bhunaithe is ea Taisce Téacsanna a chuireann
cáipéisí Gaeilge ar fáil d'úsáid
san Earnáil Phoiblí. Tá sé mar aidhm ag an
dtogra rogha chuimsitheacht de cháipéisí caighdeánacha
as Gaeilge a chur ar fáil ar líne (foirmeacha iarratais,
bileoga eolais srl.) a mbeidh eagrais san Earnáil Phoiblí
in ann a íoslódáil agus a úsáid. |
Taisce Téacsanna
is a web-based project providing Irish-language documents for use in the
Public Sector. Taisce Téacsanna means 'the Text Store' and the project
aims to make available on-line a comprehensive selection of standard documents
in Irish (application forms, informational leaflets etc) which organisations
in the Public Sector can download and use as their own. |
|
|
Cuideoidh
an córas seo le heagrais Stáit cáipéisí
comónta (Béarla agus Gaeilge) a roinnt, agus airgead a shábháilt
ar chostais tháirgeadh agus aistriúcháin, agus cuideoidh
sé le heagrais a gcuid dualgaisí faoi Acht na dTeangacha
Oifigiúla a chomhlíonadh freisin. |
The
development of this system will enable public bodies to share common documents
in both Irish and English, ensuring savings in the costs of production
and translation of documents, while assisting the sector in fulfilling
its obligations under the Official Languages Act. |
|
|
Beidh
na heagrais atá rannpháirteach in ann cáipéisí
comónta a fheiceáil, aistriúcháin a fháil
ar cháipéisí comónta, cáipéisí
a leasú d'úsáid ar leith, agus cáipéisí
a fhoilsiú d'úsáid an phobail. |
The system will enable participating
organisations to view common documents, obtain translations of shared documentation,
amend documents for specific uses, and publish documentation for public
use. |
|
|
Faoi
láthair, tá an córas píolótach in úsáid
ag páirtnéirí san Earnáil Phoiblí agus
osclófar don phobal é nuair atá measúnú
agus leasuithe cuí déanta air. |
The system is currently
being piloted with partners in the Public Sector and will be open to the
public following evaluation and refinement. |
|
|
Tá
an togra seo á lánmhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus
á fhorbairt ag acmhainn.ie. Ba mhaith leis an fhoireann teagmháil
a dhéanamh le heagrais a mbeadh suim acu a bheith páirteach
sa togra seo. |
The project is fully funded
by Foras na Gaeilge and is being developed by acmhainn.ie. The team are
eager to make contact with Public Sector organisations who would like to
become involved in the Taisce Téacsanna project. |
|
|
Tuilleadh
eolais: Donncha Ó Cróinín ag doc@acmhainn.ie |
Further information: Donncha
Ó Cróinín at doc@acmhainn.ie |