An abairt Ghaeilge agus an
abairt Bhéarla
Suíomh an bhriathair san
abairt
‘Tá Pádraig saibhir,’
a déarfadh Gaeilgeoir, ach is éard a déarfadh Béarlóir ‘Patrick is rich.’
San abairt Ghaeilge, is gnách an briathar a bheith ar dtús agus an t-ainmní a
bheith idir an briathar agus an chuid eile den fhaisnéis - rud is ionann agus a
rá go ndéanann an t-ainmní iad seo a scaradh ó chéile.[1] Ach, san abairt Bhéarla, is gnách an
t-ainmní a bheith ar dtús; agus ní scarann sé an briathar ón chuid eile den
fhaisnéis.
Fágann sin buntáiste ag an
Bhéarlóir nuair is mian leis ‘comharthaí sóirt’ an ainmní a lua. Dá mba mhian
le Béarlóir a insint go ndeachaigh buachaill áirithe chun na Gearmáine i
ndiaidh teacht anall as Meiriceá dó, cad é a déarfadh sé? Níorbh éadóigh a
leithéid seo a chluinstin uaidh: ‘That
boy who came over from America went to Germany.’
Sa chás sin, bheadh an
t-ainmní agus a chomharthaí sóirt luaite sula n-úsáidfí príomhbhriathar na
habairte ar chor ar bith. Agus bheadh an chaint ag teacht leis an ghnás úd an
Bhéarla. Bheadh an t-ainmní ar dtús agus an príomhbhriathar ina dhiaidh, agus
ní bheadh scaradh ar bith déanta idir an príomhbhriathar (went) agus an
chuid eile den fhaisnéis (to Germany).
Ach is de ghnás na Gaeilge é
an t-ainmní a bheith go díreach i ndiaidh an phríomhbhriathair. Mar sin de, is
deacair mórán de chomharthaí sóirt a chur leis an ainmní gan róscaradh a
dhéanamh idir an príomhbhriathar agus an chuid eile den fhaisnéis.
An scríbhneoir Gaeilge a
leanfadh de ghnás an Bhéarla - mar a dhéanann a lán faoi láthair- déarfadh sé ‘chuaigh
an buachaill sin a tháinig anall as Meiriceá chun na Gearmáine.’
Ba mhór a scarfadh sé an
príomhbhriathar (chuaigh) ón chuid eile den fhaisnéis (chun na Gearmáine); agus
bheadh a shliocht sin ar an abairt. Ní hé amháin go mbeadh sí aimhréidh, ach
bheadh sí gan chiall.
Gaeilgeoir a mbeadh
seanchleachtadh ar an Bhéarla aige, is dóigh go dtomhaisfeadh sé cad é a
bhíothas a mhaíomh le ‘chuaigh an buachaill sin a tháinig anall as Meiriceá
chun na Gearmáine.’ Ach cad é a thuigfeadh Gaeilgeoir gan Bhéarla as an abairt
chéanna? Níorbh éadóigh é a bheith in amhras faoi na gnóthaí. Níorbh ionadh
rómhór é a fhiafraí cá ndeachaigh an buachaill ‘a tháinig anall as
Meiriceá chun na Gearmáine.’ Óir, dá mbeadh an t-eolas céanna úd le cur i
bhfriotal aige féin, is éard a déarfadh sé ‘an buachaill sin a tháinig anall as
Meiriceá, chuaigh sé chun na Gearmáine.’ Sa dóigh sin, dhlúthódh sé an príomhbhriathar
(chuaigh) leis an chuid eile de fhaisnéis (chun na Gearmáine) agus sheachnódh
sé ciotaí an Bhéarlachais.
An difríocht sin idir ghnás
na Gaeilge agus gnás an Bhéarla, tá sí le feiceáil go soiléir i gcuid de na
haistriúcháin a tugadh ar leabhair Bhéarla, dornán blianta ó shin - go háirithe
na haistriúcháin atá déanta ag scríbhneoirí a tógadh le Gaeilge. Le Gaeilge
shothuigthe a chur ar abairtí Béarla den chineál úd, bhaineadh cuid de na
cainteoirí dúchais feidhm as leaganacha den sórt seo: ‘Dúirt an fear a
tháinig isteach agus gunna leis, dúirt sé le muintir an tí gurbh airgead
a bhí uaidh.’
Fuarthas tormas trom ar an
chineál sin abairte, agus tugadh ‘an abairt bhacach’ mar leasainm air. Ach ní
raibh an bhacaí an-mhór, ar chor ar bith. Níl de locht ar an abairt seo thuas
ach an príomhbhriathar a bheith inti in dhá áit. Murab é sin, bheadh sí ina
habairt maith go leor .i. ‘an fear a tháinig isteach agus gunna leis, dúirt sé
le muintir an tí gurbh airgead a bhí uaidh.’ Agus is deimhin gur shothuigthe go
mór í ná ‘dúirt an fear a tháinig
isteach agus gunna leis le muintir an tí gurbh airgead a bhí uaidh.’ Bheadh sí
saor ón bhacaí a bhaineann le ‘... a tháinig isteach agus gunna leis le muintir
an tí...’
Na seach-chainteanna sin atá
á gcur isteach idir an fhoraisnéis agus an iaraisnéis[2]
in abairtí Gaeilge, is iad is cúis le cuid de abairtí na nua-Ghaeilge a bheith
aimhréidh- agus lena gciall a bheith do-aimsithe go leor. Is léir an méid sin ó
na samplaí seo thíos de abairtí gairide féin.
A leithéid seo le linn
ainmfhocal sa tuiseal cuspóireach a bheith ina iaraisnéis: ‘Gheobhaidh an triúr
is fearr a thabharfaidh freagraí ar na ceisteanna duaiseanna maithe.’
Is dóigh go
dtomhaisfí cad é a bhíothas a mhaíomh leis an abairt sin; ach, mar sin féin, is
neamhshlachtmhar an abairt í. B’fhearr gan na ‘ceisteanna’ agus na ‘duaiseanna’
a bheith le hais a chéile.
A leithéid seo le linn
ainmfhocal sa tuiseal tabharthach a bheith ina iaraisnéis: ‘Tá fear atá ina
dhlíodóir ina chathaoirleach ag an gcomhlacht sin.’
Ní den chéadamharc
a d’ aithneofaí cad é a bhíothas ag iarraidh a chur in iúl leis an abairt sin.
Agus is dochanta go leor ‘ina dhlíodóir ina chathaoirleach.’
A leithéid seo le linn
aidiacht a bheith ina iaraisnéis: ‘Bhí an obair le déanamh sa mhuileann trom.’
An sa ‘muileann
trom’ a bhí an obair a bhí le déanamh?
A leithéid seo le linn
cineál de chlásal coibhneasta a bheith ina iaraisnéis:
‘Tá a lán daoine óga a
bhíonn ag obair i rith an lae a dhéanann staidéar istoíche.’
Ní róléir ar an
abairt sin cé acu na daoine óga nó an lá a dhéanann staidéar istoíche.
A leithéid seo le linn ainm
briathartha a bheith i dtús na hiaraisnéise: ‘Bhí mé ag éisteacht le Tadhg Ó
Taistil a chaith cúig bliana i lár na hAfraice ag cur síos ar a chuid eachtraí.’
Ar feadh na gcúig
bliana sin, an ag cur síos ar a chuid eachtraí a bhí Tadhg i lár na hAfraice?
A leithéid seo le linn an
iaraisnéis a bheith dobhriathartha: ‘D’imigh an fear a bhí tar éis teacht
isteach amach go tapa.’
Is cosúil gur
ghairid a d’fhan an fear a bhí ‘tar éis teacht isteach amach go tapa.’
A leithéid seo le linn an
iaraisnéis a bheith réamhfhoclach: ‘Tá míniú ar na nithe a bhí ag déanamh
buartha don Phríomh-Aire sa litir úd an Rí.’
An i litir an Rí a
bhí an Príomh-Aire, tráth a bhí na nithe úd ag déanamh buartha dó?
A leithéid seo, tráth a
úsáidtear briathar ar riachtanach réamhfhocal a bheith ina fhochair: ‘Ní
thaitníonn daoine a labhraíonn sa dóigh sin le Donnchadh.’
Cé leis nach
dtaitníonn daoine a labhraíonn sa dóigh sin le Donnchadh?
A leithéid seo le linn
cónasc a bheith i dtús na hiaraisnéise: ‘Dúirt Monsieur A.B., an t-údar
clúiteach gur tugadh ardmholadh dá leabhar gur thaitin Londain go mór leis.’
An é an t-údar
clúiteach féin a dúirt gur tugadh ardmholadh dá leabhar? Murab é, ní léir sin ón
abairt seo thuas.
D’fhéadfadh corrdhuine a
mheas gurbh fhearr feidhm a bhaint as abairtí den chineál seo thuas féin ná iad
a sheachaint. D’fhéadfaí a mheas nach mbeifí in inmhe iad a sheachaint gan an
Ghaeilge a phlódú le leaganacha de shórt ‘an buachaill sin a tháinig anall as
Meiriceá, chuaigh sé chun na Gearmáine.’ Ach bheifí, dá bhféachfaí leis.
‘Gheobhaidh an triúr is
fearr a thabharfaidh freagraí ar na ceisteanna duaiseanna maithe,’ cuir i gcás.
D’fhéadfaí sin a chur i riocht eile seachas ‘an triúr is fearr a thabharfaidh
freagraí ar na ceisteanna, gheobhaidh siad duaiseanna maithe.’ Nár shásúil go
leor ‘Bronnfar duaiseanna maithe ar an triúr is fearr a thabharfaidh freagraí
ar na ceisteanna’? Nó ‘Beidh duaiseanna maithe le fáil ag an triúr is fearr a
thabharfaidh freagraí ar na ceisteanna’?
Agus, gan amhras ar bith, ní
furasta a rá cé acu seo ba mheasa: ‘Tá fear atá ina dhlíodóir ina
chathaoirleach ag an gcomhlacht sin’ nó ‘fear atá ina dhlíodóir, tá sé ina
chathaoirleach ag an gcomhlacht sin.’ Ach cad é an fáth a n-úsáidfí díogha ar
bith den dá dhíogha in ionad ‘dlíodóir é an fear atá ina chathaoirleach ag an
gcomhlacht sin’?
Is fíor gur sothuigthe ‘An
obair a bhí le déanamh sa mhuileann, bhí sí trom’ ná ‘Bhí an obair a bhí le
déanamh sa mhuileann trom.’ Ach b’fhearr ná ceachtar acu ‘ba trom í an obair a
bhí le déanamh sa mhuileann’.
Mar atá ráite cheana féin,
tá sé de bhuntáiste ag an Bhéarla go gceadaíonn gnás na teanga sin
seach-chainteanna a chur isteach in abairtí, idir an t-ainmní agus an príomhbhriathar.
Ach baineadh anúsáid as an ‘bhuntáiste’; agus tá a shliocht sin ar mhórán de
Bhéarla na linne seo. Ní hannamh a chuirtear isteach seach-chainteanna arbh
fhearr go mór iad a bheith in abairtí dóibh féin. Do sábhála Dia an Ghaeilge ar
an chineál seo:
‘The deceased Gentleman, who
although always busy in commercial pursuits, was an accomplished angler and a
golfer of no mean repute, donated a considerable portion of the large fortune
he had accumulated by his up-to-date business methods to charities’!
Infinideach an Bhéarla agus
ainm briathartha na Gaeilge
De ghnáth, bíonn Infinideach
an Bhéarla ar bhéala a cuspóra mar atá san abairt seo: ‘John would like to
get the money.’ Agus ó tharla an cuspóir ar deireadh, is féidir a
chomharthaí sóirt a chur leis gan ‘bacach’ a dhéanamh den abairt. Cuir i gcás ‘John
would like the money which was left by the uncle who made his fortune in
America.’
Os a choinne sin, is i
ndiaidh a ‘chuspóra’ a bhíonn ainm briathartha na Gaeilge (‘comhionann’
infinideach an Bhéarla). ‘Ba mhaith le Seán an t-airgead a fháil,’ cuir
i gcás. Agus tá an difríocht sin ina cúis le mórán abairtí bacacha a bheith le
feiceáil, na saolta deireanacha seo. Óir ní beag an méid daoine a scríobhann
comharthaí sóirt an chuspóra go díreach ina dhiaidh, de réir ghnás an Bhéarla.
Le tamall beag de bhlianta, ní hannamh ar chor ar bith, a leithéid seo: ‘Ba
mhaith le Seán an t-airgead a bhí fágtha ina dhiaidh ag an uncail a fuair bás i
Meiriceá a fháil.’ Nó a leithéid seo: ‘Ba mhaith le Seán an t-airgead a
bhí fágtha ina dhiaidh ag an uncail a rinne a shaibhreas in Meiriceá agus a
fuair bás a fháil.’
Ba cheadmhach, de réir ghnás
na Gaeilge, comharthaí sóirt an chuspóra a lua go díreach i ndiaidh an ainm
bhriathartha. Cuir i gcás, ‘Ba mhaith le Seán an t-airgead a fháil a bhí fágtha
ina dhiaidh ag an uncail a rinne a shaibhreas i Meiriceá.’ Ach níor chóir é a
bheith de fhiacha ar scríbhneoir cloí leis an leagan sin, murar mian leis é. An
té a mbeadh a sháith Gaeilge aige b’fhurasta dó a athrach sin de dhéanamh a
thabhairt ar an abairt. D’fhéadfadh sé a rá mar seo, ‘Ba mhaith le Seán aige
féin an t-airgead a bhí fágtha ina dhiaidh ag an uncail...’ nó mar seo, ‘Ba
mhaith le Seán greim a fháil ar an airgead a bhí fágtha ina dhiaidh ag an
uncail...’
I dtaca le ‘Ba mhaith le
Seán go bhfaigheadh sé an t-airgead...’ fágaimis siúd mar atá sé!
Is mór atáthar ag claonadh
le ‘tá,’ nó ‘bí,’ nó ‘bheadh’ a úsáid in ionad ‘is’ nó ‘ba’; agus, mar is léir
ón chúpla sampla seo thíos, is é ‘it’ an Bhéarla is cúis le cuid mhaith den
chlaonadh sin:
‘Bhí sé go haoibhinn
ar an bhfarraige, an lá úd.’
Cé, nó cad é, a
bhí go haoibhinn? An té nach mbeadh Béarla le cois na Gaeilge aige, ba dhoiligh
dó an fhadhb a réiteach. Ach, an té a mbeadh an dá chuid aige, d’fhéadfadh sé a
thomhas gurb amhlaidh a bhíothas ag iarraidh a rá ‘gurbh aoibhinn bheith ar an
bhfarraige, an lá úd.’
‘Dúirt an t-aturnae nach
mbeadh sé ceart ná féideartha seilbh an tí a bhaint den seanfhear.’
Roimhe seo, is
éard a déarfaí ‘Nár cheart agus nárbh fhéidir seilbh an tí a bhaint den
seanfhear.’
Tamall beag de bhlianta ó
shin, tharla a lán coimhthíoch ar cuairt i mbaile áirithe de chuid Thír
Chonaill. Duine de na coimhthígh féin, is éard a dúirt sé le fear
de mhuintir na háite “Tá sé deacair freastal dóibh go léir.” - “Aidhe,”
arsa an fear. “Tá a fhios agam cad é atá tú a mhaíomh. Agus tá an ceart agat, a
mhic. Is doiligh a gcur a luí; is deacair a gcur ina suí, agus is deacra ná sin
féin a gcur chun bia.”
Is minic a chluintear a
leithéidí de abairtí ag Béarlóirí:
‘I was sorry that the poor
lad was ill.’
‘I was surprised that Mark
was at that sort of work.’
Agus, faraor, ní hannamh a
chítear lomaistriúcháin a leithéidí sin sa nua-Ghaeilge:
‘Bhí brón orm go raibh an
garsún bocht breoite,’ agus ‘bhí iontas orm go raibh Marcas i mbun an chineáil
sin oibre.’
Shílfeá gurbh
amhlaidh a d’éag an brón nuair a tháinig breoiteacht ar an ghasúr - agus gur
éag an t-iontas nuair a chuaigh Marcas i mbun an chineáil úd oibre! Agus go
bhféadfaí an sórt sin de mhíchruinneas a sheachaint ach feidhm a bhaint as an
aimsir chaite den bhriathar IS! Sa Ghaeltacht go fóill, tá a lán a déarfadh ‘Ba
bhocht liom an gasúr a bheith breoite.’ agus ‘B’iontach liom Marcas a bheith i
mbun an chineáil sin oibre.’
A thuilleadh abairtí
aimhréidhe
Seo thíos cnuasach beag de
abairtí ar a bhfuil na lochtanna atá léirithe cheana. Na beachtaíochtaí atá
curtha leo seo, ní bhaineann siad ach le míchruinneas na n-abairtí; agus is é
is cuspóir dóibh a thaispeáint gur minic a bhíonn an tseafóid i gcosamar an
Bhéarlachais. I ndiaidh abairt fána beachtaíocht a léamh, níor mhiste féachaint
leis an abairt a cheartú i gcaoi a gcuirfeadh ar ceal an t-éagruinneas.
Cleachtadh tairbheach go leor é sin.
‘Cheannaigh Donnchadh Donn,
an fear a chaill an bád, bád eile ina háit.’
Is fíor go bhfuil
camóg idir an dá bhád; ach cé gur minic a labhraítear mar a
scríobhtar, is annamh duine a déarfadh lena chéile comhrá ‘Cheannaigh Donnchadh
Donn (camóg) an fear a chaill an bád (camóg) bád eile ina háit.’
‘Bhí a lán de na huibheacha
sa chiseán ag an ngasúr bocht briste.’
Is cosúil gurb ag
an ngasúr bocht briste a bhí a lán de na huibheacha a bhí sa chiseán.
‘Tá mórán daoine a théann
chun an bhaile mhóir ar an mbus a shiúlann abhaile.’
Ní bus gan fónamh
é an bus a shiúlann abhaile.
‘Ba mhaith leo go léir an té
a bhí tar éis an chuid eile den fhoireann a shábháil a fheiceáil.’
Thuigfí as: ach,
ina dhiaidh sin, ‘is doiligh ól gach síothlú.’
‘Beidh Pádraig ina fhear
saibhir nuair a fhaigheann sé an dá mhíle punt.’
Más gnách Pádraig
a bheith ag fáil dhá mhíle punt, ba cheart dó a bheith measartha saibhir cheana
féin.
‘Is amhlaidh a fuarthas an
t-airgead a bhí ag teastáil ó Pheadar ó Shéamas.’
Is dóigh go
rabhthas ag iarraidh a rá gurbh ó Shéamas a fuarthas an t-airgead a bhí ag
teastáil ó Pheadar.
‘Chonaic na taistealaithe
bóthar a rith comhthreomhar leis an abhainn.’
Cén chaoi a raibh
a fhios ag na taistealaithe an babhta reatha sin a bheith déanta ag an bhóthar?
‘Bheadh sé contúirteach go
leor dóibh, dá mbeadh an ghaoth ag séideadh i dtreo na gcarraigeacha.’
Ach, gan a fhios a
bheith againn cad é an rud é, ní heol dúinn méid na contúirte.
‘Dealaíonn an abhainn úd an
dá pharóiste ó chéile.’
Corruair, nó de
shíor? Más dealú fíorbhuan é, ba bheaichte a rá go bhfuil an abhainn úd ina
críoch (teorainn) idir an dá pharóiste.
‘Ceiliúradh dob ea é ina
mbíodh nósanna an tseansaoil agus nósanna na freacnairce measctha.’
Cad é an cineál
freacnairce í ‘an freacnairc mheasctha’?
‘Ní dócha gur chuala éinne
an léacht nach raibh sásta.’
Murar chuala éinne
an léacht, cén chaoi arbh eol do éinne gur léacht í nach raibh sásta?
‘Tháinig faitíos ar an
bhfear a tháinig trí ghábha gan áireamh ar an bhfarraige i láthair an
Ard-Diúic.’
An amhlaidh a
bhíodh an fear sin agus an tArd-Diúc ar an aon long?
‘Caillfidh an gabha sin a
shláinte, mura stadann sé den ólachán.’
Cá mhinice ba
riachtanach dó stad?
‘Bhíodar go léir sásta gur
stad an bháisteach.’
Is cosúil gurbh
fhearr leo an bháisteach ná an turadh.
‘Beidh an-mholadh go deo le
fáil ag an té a thig ar shlí chun deireadh a chur le slaghdán.’
An té a thig,
is fiú an-mholadh go deo é!
[1] Tuigfear, ar ndóigh, gur do na gnáthbhriathra atáthar ag tagairt anseo. Tá a fhoireann féin rialacha ag an Chopail .i. Is.
[2] ‘Foraisnéis’ .i. an briathar. ‘Iaraisnéis’ .i. iarmhar na faisnéise. B’fhéidir go bhfuil téarmaí ann is oiriúnaí ná iad sin; ach, má tá, níor éirigh liom teacht orthu. – S.Mac M.