Réamhrá
Lorg an Bhéarla
Is é atá in Lorg an
Bhéarla leabhrán leis an údar Ultach Seán Mac Maoláin. Ba é cuspóir an
údair lucht na Gaeilge a chur ag smaoineamh faoi róthionchar an Bhéarla ar a gcuid
saothair scríofa, féachaint leis an róthionchar sin a mhaolú. An Gúm a
d’fhoilsigh an chéad eagrán sa bhliain 1957, agus is le caoinchead an Ghúim a
fhoilsítear an t-atheagrán seo - an chéad saothar sa tsraith Athchló. Is
saothar é Lorg an Bhéarla atá ag teacht go han-mhaith le haidhmeanna
acmhainn.ie Ní hé amháin gur mian le heagarthóirí an láithreáin seo cabhrú le
nuathéarmaíocht na Gaeilge a chur i láthair phobal na Gaeilge, ach chomh maith
leis sin, léargas a thabhairt ar shaibhreas traidisiúnta na Gaeltachta agus ar
na leabhair a scríobhadh le linn an 20ú haois ag cur comhairle ar
fhoghlaimeoirí Gaeilge faoi ghnéithe d’úsáid na teanga. Sciar maith de na
leabhair sin, is amhlaidh atá siad as cló le fada an lá, agus tá súil againn
iad a athfhoilsiú ar an gcuid seo den láithreán.
Maidir le Lorg an Bhéarla
ní miste a rá go bhfuil ‘lorg na mblianta’ air, thall is abhus. Tá snas agus
blas na gcaogaidí ar chuid den Bhéarla ann, cuir i gcás: “Did it ever occur to
you that Peter has been rather taciturn of late?” nó ‘the holy men were
wondering what each of them would liefest have the church filled withal.’ Ach
oiread le cuid de na scoláirí eile a dhéanadh tráchtaireacht ar chúrsaí Gaeilge
san am, bhí nós ag Mac Maoláin tuairimí pearsanta a nochtadh ar shlí a bhí
teannfhoclach go leor, ionann is gurbh fhírinne dhoshéanta a bhí sna tuairimí
sin. Mhaígh sé, mar shampla, nach leaganacha cearta stairiúla atá i
ngnáthleaganacha cainte ar nós ‘murab é’, ‘ach ab é’ ‘ach gurb é’ agus ‘fá
dtaobh de’ agus gurb aineolas ar an nGaeilge is cúis le daoine iad a úsáid. Má
mhaígh féin, níorbh é sin an tuiscint a bhí ag Niall Ó Dónaill agus ag foireann
Foclóir Gaeilge –Béarla, nó cheadaigh siad gach uile cheann acu.
Seans go measfadh léitheoirí
gur saoithíneacht a bhí ag cur as don údar agus é ag fáil lochta ar nathanna ar
cuid den ghnáthchaint iad inniu. Admhaím go bhfuil dornán beag samplaí ann nach
léir domsa cén col a ghlac Mac Maoláin leo, ach is minice i bhfad an
dea-chomhairle aige, agus tuiscint ghlinn ar na húdair Bhéarlachais a bhaineann
tuisle fiú as na scríbhneoirí is cumasaí.
Thug Seán Mac Maoláin an chomhairle sin uaidh faoi chroí mór maith, le
han-chuid grinn agus gan tarcaisne ar bith ar ‘lucht na hearráide’. Is fiú go
mór a bhfuil ann a chur i láthair léitheoirí na linne seo.
An tEagrán seo
Is é a chuir mé romham agus
an t-eagrán seo á réiteach, téacs sa chló Rómhánach a sholáthar a bheadh ag
teacht le coinbhinsiúin an Chaighdeáin Oifigiúil. Níor athraíodh aon fhocal sa
téacs ach amháin i gcás gur athraíodh brí an fhocail ó 1957 i leith. Féach, mar
shampla, leathanach 8 den chéad eagrán, áit a luaitear smaointe ‘do chur i
mbriathraíocht’. Is léir gur ‘cur i bhfriotal’ atá i gceist anseo, ach féach go
luaitear brí ar leith le ‘briathraíocht’ in Foclóir Gaeilge-Béarla .i.
‘diction’. Is ar an ábhar sin a roghnaigh mé ‘cur i bhfriotal.’
Ag seo thíos liosta de na
hathruithe is bunúsaí. Is ag tagairt d’eagrán 1957 atá uimhreacha na
leathanach.
viii: beachtaíocht a athrú
go léirmheas agus beachtaí a athrú go léirmheastóir
Lch. 7: (San fhonóta) an Nasc .i. IS a athrú go an
Chopail .i. Is
Lch. 8: ciotaíl an Bhéarlachais: a athrú go ciotaí
an Bhéarlachais
Lch. 9 passim: an bhacaíl: a athrú go
an bhacaí
Lch. 12 passim: Infinid an
Bhéarla: a athrú go Infinideach an Bhéarla
Lch. 15 passim: A thuilleadh
abairteach: a athrú go dtí a thuilleadh abairtí
Lch. 20: Dá neasacht don tsliabh: a athrú go Dá
dheise don sliabh
Lch. 39: dioplamáideacht a athrú go discréid
Lch. 40: de théarmaí teicniceálta:
a athrú go de théarmaí teicniúla
Lch. 41: i mbriathraíocht: a
athrú go i bhfriotal
Lch. 43: dlúth-”aistriúchán”:
‘aistriúchán’ dlúth
Lch. 56: cineál de chomhléamh (context)
a athrú go cineál de chomhthéacs
Lch. 58: thiomáin (bequeath)
a athrú go thiomnaigh
Maidir leis an liosta
ceannfhocal in ‘Cnuasach beag focal agus abairtí as Betha Colaim Cille’
i gcás ar bith a bhfuil an-éagsúlacht idir leagan na linne seo agus an leagan a
bhí ag Mánas Ó Dónaill, is é a rinne mé ná an leagan nua-Ghaeilge a chur taobh
leis an seanleagan: CUMAÍN [COMAOIN].
Tá mé buíoch de Shiuán Ní
Mhaonaigh as an téacs seo a léamh agus roinnt ceartúchán a mholadh. Mise, ar
ndóigh, atá ciontach as aon mhíchruinneas san atheagrán seo.
Antain Mac Lochlainn 2003