Seanfhocail
Dála Ghaeilge na hÉireann, is fada ó Ghaeilge na
hAlban bheith gann i seanfhocail – rud is fíorléir ón leabhar breá úd an
tSirriam Mhic Neacail[1].
Is sa leabhar sin a chonacthas cuid dá bhfuil sa ghearrliosta seo thíos; agus i
leabhair scéalta a chonacthas cuid eile thíos díobh. Bhí a bhformhór seo, agus
a lán eile, ag seandaoine Reachlainne, chomh déanach le tríocha bliain ó shin.
Ní ‘aistriúchán’ mórán den Ghaeilge Éireannach atá le
hais na seanfhocal Albanach anseo; óir meastar gur minic is oiriúnaí abairt
mhíniúcháin ná lom-aistriúchán.
Ádh agus
Mí-ádh
1. Bheir duine beatha air
èiginn, ach cha toir e rath air èiginn.
(Gnóthóidh duine dícheallach beatha; ach, gan ádh, ní
ghnóthóidh sé mórmhaoin.)
2. Cha toir muir no monadh a
chuid o dhuine sona.
(Ar muir ná ar tír, ní thiocfaidh caill ar dhuine
ádhúil.)
3. Duine gun rath gun seòl,
is còir a chrochadh; agus fear aig am bi tuilleadh ’s a’ chòir, is còir a
chrochadh[2].
(Duine gan ádh gan seift, ba cheart é a chrochadh;
agus duine a mbíonn an iomarca den dá chuid aige, ba cheart é a chrochadh.)
4. Is duilich rath a chur air
duine dona.
(Is doiligh rath a chur ar dhuine nach bhfuil rath i
ndán dó.)
5. Is fheàrr a bhith gun
chloinn na clann gun rath.
(Is fearr do dhuine bheith gan chlann ná a chlann a
bheith gan rath.)
6. Is fheàrr a bhith sona na
bhith saothaireach.
(Is fearr an t-ádh ná obair dhícheallach féin.)
7. Is fheàrr àdh na ealain.
(Is fearr ádh ná ealaín ná clisteacht.)
8. Is fheàrr an t-àdh na a’
mhoch-èirigh.
(An té a mbíonn an t-ádh air, ní miste dó codladh go
headra.)
9. Is minig a bha rath air
mall-thriallair[3].
(Is minic a bhí ádh ar thaistealaí mall.)
10. Is tric a bha fortan air
luid, ’s a fhuair trusdar bean.
(Is iomaí cailín neamhsciobalta a fuair fear maith;
agus is iomaí buachaill neamhsciobalta a fuair bean mhaith.)
Beatha
agus bás
11. Am fear as fhaide bha beò
riamh, fhuair e am bàs.
(An fear ab fhaide saol dá raibh riamh ann, fuair sé
bás.)
12. Aog agus imrich a
chlaoidheas taigheadas.
(Éag agus imirce, bíonn siad trom ar thíos.)
13. Bheir fòid a bhreith agus
a bhàis fear gu àite air èiginn.
(Níl seachaint le déanamh ag duine ar fhód a bhreithe
ná ar fhód a bháis.)
14. Cha chreid an òige gun
tig an aois; ’s cha chreid an aois gun tig am bàs[4].
(Ní chreideann an óige go dtiocfaidh an aois; agus ní
chreideann an aois go dtiocfaidh an bás.)
15. Cha chreid thu an t-Aog
gus am faic thu an t-adhlac.
(Ní chreidfidh tú i gceart duine a bheith marbh nó go
bhfeicfidh tú a adhlacadh.)
16. Chan eil easlaint gun
ìocshlaint; ach chan eil tilleadh air an Aog.
(Níl tinneas ar bith nach féidir faoiseamh éigin a
fháil uaidh; ach ní féidir tabhairt ar an bhás filleadh ar gcúl.)
17. Cha riaraich briathrachas
bàs.
(Ní shásóidh briathra (truacánta) ar bith an bás.)
18. Cha tig am bàs an tig an
t-àm.
(Ní thiocfaidh an t-éag nó go dtaga uair an éaga.)
19. Fear an t-saoghail fhada,
cha bhi baoghal thuige.
(Fear an tsaoil fhada, is cian a bheidh sé saor ó
bhaol báis.)
20. Thig fear an t-saoghail
fhada as gach càs.
(Tiocfaidh fear an tsaoil fhada as gach guais.)
Cairdeas agus eascairdeas
21. Aig bainnsean ’s aig
tòrraidhean aithnichear càirdean agus eòlaich.
(Ag bainiseacha agus ag tórraimh a fheictear gaolta
agus lucht caidrimh le chéile.)
22. An uair as mò an èiginn,
dearbhar an caraid dìleas.
(Is in aimsir chruacháis a aithnítear buanchara.)
23. Cha charaid ach caraid na
h-airce.
(Ní cara an té nach cara le linn géibhinn é.)
24. Fuachd caraide agus
fuachd anairt, cha do mhair e fada riamh.
(Ba ghairid riamh a mhair fuacht carad nó fuacht
léine línéadaigh.)
25. Is fheàrr fuachd caraide
na blàthas nàmhaid.
(Is fearr fuacht carad ná neamhfhuacht namhad.
‘Bláthas .i. ‘teocht’ – teochroí, mar dhea.)
26. Is math an sgàthan sùil
caraide.
(Is aoibhinn an loinnir a feictear i súil dea-charad.)
27. Is draghaile caraid
amaideach na nàmhaid glic.
(Is trioblóidí do dhuine cara amaideach ná namhaid
cleasach.)
28. Is minig a bha beul luath
aig droch charaid.
(Ba mhinic a bhí ‘béal bán’ ag droch-chara.)
29. Na innis do rùn do
d’charaid gòrach no do d’nàmhaid glic.
(Ná lig do rún le cara gan chiall ná le namhaid
cealgach.)
30. Trod chàirdean agus sìth
nàimhdean, dà rud nach còir feairt a thoirt orra.
(Troid na gcarad nó síth na naimhde, dhá ní nach cóir
mórán airde a thabhairt orthu.)
Críonnacht agus éigríonnacht
31. Am fear nach bi an aodann
na creige, cha bhi eagal air.
(An fear a fhanann amach ó éadan na haille, ní heagal
leis titim.)
32. Am fear nach glèidh na
h-airm is an t-sìth, cha bhi aige an àm a chogaidh.
(An fear nach gcoimeádann a chuid arm le linn
síochána, ní bhíonn siad aige nuair a thagann cogadh.)
33. Am fear nach seall
roimhe, seallaidh e na dhèidh.
(An fear nach ndearcfaidh roimhe, dearcfaidh sé ina
dhiaidh.)
34. Am fear nach toir an aire
air a’ bheagan, chan airidh air an mòran.
(An fear nach cúram leis an beagán, ní hairí air an
mórán.)
35. An rud a bhios nad
bhroinn, cha bhi e nad thiomnadh.
(An mhaoin a bheidh caite agat, ní bheidh sé le
háireamh i do thiomna.)
36. Cha bhi aon duine crìonna
a-measg mìle amadan.
(Ní bhíonn oiread agus duine amháin críonna le fáil
as measc míle amadán.)
37. Cha cheil amadan a
bheachd.
(Ní féidir le hamadán rún a dhéanamh ar a bharúil ná
a chuid smaointe.)
38. Cha duine glic a
dh’innseas tric an-shocair[5].
(Ní críonna an té a labhraíonn go minic ar a anacair
féin.)
39. Cha duine glic a thèid gu
tric don bhaile mhòr.
(Ní críonna do dhuine dul go minic chun an bhaile
mhóir, óir bíonn na cathuithe ansin).
40. Chan eil ann don t-seann
amadan.
(Ní fíoramadán go seanamadán.)
41. Chan e a chosnar a nì
saibhir ach na chaomhnar.
(Ní hé an méid a ghnóthaíonn duine ach an méid a
shábhálann sé a dhéanfas saibhir é.)
42. Chan fhaodar a’ bhò a
reic ’s a bainne òl.
(Ní féidir do dhuine a bhó a dhíol agus a bhleacht a
choinneáil aige féin.)
43. Ge b’e nach stiùir coire
bhrochain, cha stiùir e Coire Bhreacain[6].
(An té nach dtiocfadh leis coire bracháin a stiúradh
(a ghiollacht) ní stiúrfaidh sé Coire Bhreacáin.)
44. Is glic nach meallar, ach
cha ghlic a mheallar tric.
(Glic an té nach mealltar, corruair; ach ní glic an
té a mhealltar go minic.
Fírinne agus bréag
45. Cha chreidear an fhìrinn
o bheul nam breug.
(Ní chreidtear an fhírinne féin ó dhuine bréagach.)
46. Cha dèan am bodach breug
’s a chlann a-staigh.
(Ní insíonn bodach bréag in éisteacht a chlainne, ar
eagla go n-inseodh duine acu an fhírinne air.)
47. Cha tig breug bho chridhe
misgeach.
(Sceithidh fíon fírinne.)
48. Imridh fear nam breug
cuimhne mhath a bhith aige.
(Ní mór do dhuine bréagach cuimhne mhaith a bheith
aige.)
49. Is fheàrr a bhith bochd
na bhith breugach.
(Is fearr do dhuine bheith bocht ná bheith bréagach.)
50. Tha aon chas nas leòr don
fhìrinn, ach tuitidh a’ bhreug le trì.
(Is leor don fhírinne cos amháin féin; ach ní leor
trí chos don bhréag.)
Grá agus neamhghrá
51. Ceilidh gràdh gràin.
(Folaíonn grá gráin (ach feiceann fuath a lán))
52. Cha tug gaol luath nach
tug fuath clis.
(Is minic a d’éirigh grá tapa ina fhuath go tobann.)
53. Chan e dubh a
dh’fhuathaicheas, ’s chan e geal a ghràdhaicheas.
(Ní ó dhubh a thagann gach fuath; agus ní ó gheal a
thagann gach grá.)
54. Far am bi do chràdh bidh
do làmh; far am bi do ghràdh bidh do thathaich.
(Beidh do lámh san áit a mbeidh do chrá (pian); beidh
do thaithí san áit a mbeidh do ghrá.)
55. Socraichidh am pòsadh an gaol.
(Maolaíonn pósadh an grá.)
56. Trì nì a thig gun
iarraidh: Gaol, Eud, agus Eagal.
(Trí ní a thagann, gan duine bheith ag tnúth leo:
Grá, Éad, agus Eagla.)
Moladh agus cáineadh
57. An uair a sguireas am
meur de shileadh, sguiridh am beul de mholadh.
(An uair a stadann an lámh de dháileadh, stadann an
béal de mholadh.)
58. Cha deach eug na imrich
nach d’fhuair moladh; agus cha do phòs nach d’fhuair càineadh.
(Níor éag aon duine, agus ní dhearna aon duine imirce
i gcéin nár moladh é ina dhiaidh sin; agus ní dheachaigh aon duine saor ó
cháineadh chomh luath agus a pósadh é.)
59. Is olc am bathar nach mol
an ceannaiche.
(Is olc é an t-earra nach bhfaighidh moladh ón
siopadóir.)
60. Is searbh a’ ghlòir nach
fhaodar èisteachd.
(Moladh searbh é an moladh nach dtaitníonn leis an té
a bhíonn á fháil.)
61. Mas math leat do mholadh,
faigh bàs; mas math leat do chàineadh, pòs.
(Más maith leat do cháineadh, pós; agus más maith
leat do mholadh, faigh bás.)
62. Mol am monadh, ’s na ruig
e; dì-mhol a choille, ’s na fàg i[7].
(Mol an mhóin, agus seachain í; cáin an choill, agus
taithigh í.)
Náire agus díth náire
63. An leanabh a dh’fhàgar
dha fhèin, cuiridh e a mhàthair gu nàire.
(An leanbh a bhfágfar a dhóigh féin aige, cuirfidh sé
náire ar a mháthair.)
64. Cha nàr do dhuine bean ga
dhiùltadh no bàta ga fhàgail[8].
(Ní náir do dhuine diúltú a phósta a fháil ó bhean,
nó gan breith in am ar long.)
65. Chan eil air duine gun
nàire ach duine gun nàire thachairt ris.
(Bíonn buntáiste ag duine gan náire ach an uair a chastar
a mhacasamhail féin air.)
66. Ge bu leat earras an
domhain, na cuir e an coimheart ri d’ nàire.
(Maoin an domhain mhóir, ná cuir i gcomparáid (mar
chúiteamh) é le cailliúint do náire.)
67. Is beò duine an-dèidh a
shàrachadh, ach cha bheò e an-dèidh a nàrachadh.
(Is beo duine i ndiaidh a sháraithe, ach ní beo é i
ndiaidh a náirithe.)
68. Làn beòil de bhiadh, agus
làn baile de nàire.
(Lán doirn de shó, agus lán baile de náire.)
69. Ma dh’innseas duine nas
lèir dha, innsidh e nas nàr dha.
(Má insíonn duine an méid a tharla dó, inseoidh sé
nithe ba náireach dó.)
Pósadh
70. Ceannsaichidh a h-uile
fear an droch-bhean, ach am fear aig am bi i.
(Gach fear ach a fear féin, cheansódh sé (dar leis)
an bhean dholba.)
71. Cha bhi dùthchas aig
mnaoi no aig sagart.
(Baile mná pósta baile a fir; agus baile sagairt an
baile a gcuireann an Eaglais chuige é.)
72. Is bochd am pòsadh nach
fheàrr na an dubh-chosnadh[9].
(Is bocht an pósadh nárbh fhearr do chailín ná í
bheith ar fostú ag lucht feirme.)
73. Is diù teine fearn ùr;
Is diù duine duine mì-rùn;
Is diù dibhe fìon sean,
Ach ’s e diù an domhain droch bhean[10].
(Díogha connaidh fearn úr;
Díogha fir fear mírúin;
Díogha dí fíon sean;
Ach díogha na ndíogha drochbhean.)
74. Is truagh aig a bheil
clann; ach is truaighe aig nach eil iad.
(Is trua an té a mbíonn cúram clainne air, ach is mó
trua an té nach mbíonn aon duine aige.)
75. Mur tig ach Pàl, gabhar
Pàl; ach ma thig nas fheàrr na Pàl, chan fhiach Pàl bonn-a-h-ochd[11].
(Mura dtaga ach Pól (ag iarraidh mná) glacfar leis;
ach, má thagann fear is fearr, ní fiú Pól bonn a hocht.)
76. Na gabh tè mar mhnaoi ach
tè air am bi athais agad.
(Ná pós bean ar bith nach léir duit locht amháin féin
uirthi.)
77. Pòsadh thar na
h-innearach, agus goisteachd thar muir[12].
(Cleamhnas sa charn aoiligh, agus cairdeas Críost i
bhfad ó bhaile.)
Saibhreas agus daibhreas
78. Am fear falamh ’s e gun
nì, suidhidh fada shios bho chàch.
(An fear atá folamh ó stór, is íseal a áit ag an
bhord.)
79. An uair a chailleas duine
a stòras, chan fhiù a sheòladh na a chomhairle.
(Nuair a chailleann duine a stór, ní bhíonn aird ar a
chomhairle ná ar a threoir.)
80. Cha bhi am bochd sòghail
saoibhir.
(Má chleachtann duine bocht an só, ní chruinneoidh sé
saibhreas.)
81. Cha do dh’eug duine
beairteach riamh gun dìleabach.
(B’annamh riamh fear mórmhaoine nach mbíodh ‘oidhre’
ar a thórramh.)
82. Chan fhaod duine fàs
beairteach, mur lig a bhean leis.
(Ní féidir le fear éirí saibhir, mura ligfidh a bhean
dó é.)
83. Cha robh caraid riamh aig
duine bochd[13].
(Ní raibh cara riamh ag duine ar bith a bhí bocht.)
84. Is binn gach glòir bhon
duine bheairteach; ach is searbh a’ chòir bhon aimbeairteach.
(Is binn le cách gach briathar toicí; ach ní bhíonn
aird ar bhriathra bochtáin.)
85. Is buidhe le bochd
eanraich, ged nach bi e lànbruich.
(Is buíoch bochtán ar son anraith, cé nach ndearnadh
ach a leathbhruith.)
86. Is fada làmh an airc; ach
ma ’s fhada, cha reamhar.
(Is fada lámh na bochtaineachta; ach is fada uaithi
bheith ramhar.)
87. Is fhearr beagan stòrais
na mòran chàirdean.
(Lón i do sparán féin an cara is fearr duit.)
88. Is iomadh cron a bhios
air duine bochd.
(Is iomaí locht a fhaightear ar an duine bocht.)
89. Is misde na bochdan a
bhith lìonmhor.
(B’fhearrde do na boicht gan mórán díobh a bheith san
aonbhall.)
90. Is tric a bha urrainn gun
nì, agus nì gun urrainn.
(Ba mhinic maoin ag fear gan éirim, agus fear na
héirime gan í.)
91. Milidh airc iasad[14].
(Milleann airc iasacht.)
92. Sgaraidh aimbeartas deagh
chomann.
(Chríochnódh bochtaineacht duine amháin an
chomrádaíocht a bheadh idir beirt.)
93. Tionailidh maoin maoin,
agus tionailidh fiachan fiachan.
(Cruinníonn maoin maoin, agus cruinníonn fiacha
fiacha.)
Sláinte agus easláinte
94. An luibh nach fhaighear,
chan i coibhreas (leighiseas).
(An luibh nach féidir a fáil, ní choiscfidh sí
breoiteacht ná bás.)
95. Cha dèan aon cheirein
duine slàn; ’s cha dèan aon sàth duine reamhar.
(Ceirín amháin ní dhéanfaidh othar slán; agus sáith
amháin, ní chuirfidh feoil ar chnámh.)
96. Cha luaithe a sguireas an
tinneas dhiot na thòisicheas an tachas ort[15].
(Chomh luath agus a imeoidh tinneas díot, tiocfaidh
tochas ort.)
97. Chan eil easlainte gun
ìocshlàinte; ach chan eil tilleadh air an Aog.
(Níl tinneas ar bith nach féidir a mhaolú; ach ní
féidir moill a chur ar an bhás.)
98. Is iomadh rud a
dh’fheumas an easlainte nach fheum an t-slàinte.
(Teastaíonn ón easlán mórán nach riachtanach don té
atá slán.)
99. Is leigheas air gach tinn
cneamh agus ìm a’ Mhàigh[16].
(Im na Bealtaine agus cneamh, leigheasfaidís othar ar
bith a bheadh inleighis.)
100. Muin air muin a thig an
easlainte; ach uidh air n-uidh thig an t-slàinte.
(I mullach a chéile a thagann angair na heasláinte;
ach i ndiaidh a chéile go righin a thagann faoisimh na sláinte.)
[1] Gaelic Proverbs, collected and translated
into English, with equivalents from European languages, by ALEXANDER NICOLSON,
M.A., L.L.D. Reprinted, with Index, by MALCOLM MacINNES, M.A., LL.B. Published
for Malcolm MacInners, Esq., by The Caledonian Press, 793 Argyle Street,
Glasgow.
[2] Is dóigh nach ceart an mana seo a
thuiscint go litriúil. B’fhéidir gurb é an bhrí atá leis gur comholc le chéile
an ró-easpa agus an ró-iomarca.
[3] Ní héagosúil le chéile é seo agus ‘Is
minic a bhí cú mall sona’.
[4] Is dóigh gurb ionann an seanfhocal seo
agus a rá nach smaoiníonn daoine óga go mbéarfaidh an aois orthu; agus nach
smaoiníonn daoine aosta féin go mbéarfadh an bás orthu.
[5] ? cionn is nach trua ach tuirse a
chuireann sé ar a chomharsa.
[6] Is ionann ‘Coire Bhreacáin a stiúradh’
agus ‘bád A stiúradh tríd an Choire’. Muirghuairneán i bhfogas do Reachlainn é
an coire úd. Bádh ann Breacán (ba ua do Niall Naoi-Ghiallach) agus ainmníodh as
Breacán dá bharr sin é.
[7] Bhíodh a gciall féin ag muintir Ó Méith
den nathán seo. Nuair a bhíodh géarleanúint ar Ghaeil, ba mhaith an dídean acu
í an choill.
[8] Ceachtar den dá theagmháil sin, b’fhéidir
nár chúis náire ach cúis áthais é, lá ab fhaide anonn.
[9] ‘An dubhchosnadh’ .i. daorthuilleamh pá.
[10] Arbh fhéidir gur “drochfhíon sean” ba
cheart bheith anseo? Creidtear go dtéann fíon maith chun dea-bhlastachta le
haois; ach ní scéal an-annamh é drochfhíon do dhul chun domlastachta le haois.
[11] ‘Bonn-a-hochd’ .i. bonn nach raibh chomh
luachmhar le leathphingin féin.
[12] Inneir .i. bualtrach. Innearach is foirm
ghinideach dó.
[13] Nathán é seo atá claon beag áibhéalach.
[14] Duine a mbeadh móreaspa airgid air, ba
dheacair dó iasacht a fháil.
[15] An ionann seo agus a rá nach ligeann a
intinn féin do dhuine fanacht faoi shuaimhneas, uair ar bith?
[16] Ba mhaith im na Bealtaine nuair a d’fhaightí fá Bhealtaine é. Agus ba mhaith an cógas é an cneamh, cé nach bhfuil iomrá ar bith anois air.