Gluais (do na véarsaí Albanacha)
àghmhor, ádhúil, rathúil, séanmhar.
amais:
mu’n d’amais mi do bhualadh .i. sular éirigh liom thú a bhualadh.
àrach,
oiliúint. An t-àite anns an d’fhuair mi m’àrach òg .i. an áit inar tógadh mé.
binn,
breithiúnas. Fo bhinn air son mo ghràidh dhuit .i. faoi bhreithiúnas (daortha)
mar gheall ar mo ghrá duit.
bòidheach,
dóighiúil, dathúil, dea-chumtha. ‘Dóigheach’ a deireadh a lán de mhuintir na
nGlinntí.
bruadar,
brionglóid, aisling.
buailtean,
foirm iolra an fhocail ‘buaile’.
buidseachd,
witchcraft.
cadal,
codladh. Tha e ’na chadal .i. tá sé ina chodladh.
caileag,
girseach, cailín óg.
caisleach,
áth.
caochail,
athraigh. Gràdh nach caochail .i. grá nach n-athróidh – grá a bheidh buan.
càraich
(càirich), cóirigh. Chàraich iad san ùir thu .i. chóirigh
siad sa chré thú; d’adhlaic siad thú.
ciatach,
dóighiúil, taitneamhach, tarraingteach.
cinn,
fás. Ged chinneadh ubhlan air bharr gach géig .i. cé go bhfásfadh úlla ar bharr
gach géige.
clàiridh, urlár clár.
crodh, eallach, bólacht.
cuailean, cúlfholt agus é dualta ar a chéile.
cum, coinnigh, coimeád. Cumaibh suas ’ur
stròil .i. coinnigí bhur meirgí in airde.
cumachdail, dea-chumtha.
daonnan, i gcónaí, de shíor.
dealt, drúcht.
deàrrsadh, dealramh, lonradh.
dràsta, an tráth so; anois; an t-am atá i
láthair.
falbh: Dh’fhalbh e .i. d’imigh sé. Air falbh .i.
ar shiúl; imithe.
faotainn, fáil.
faothadh, aothú; faoiseamh ó thinneas.
fìogais, fige.
fògarrach, deoraí, teifeach.
fuadach, díbirt; tiomáint i gcéin.
gaol, grá.
giùlain, iompair.
gòrach, amaideach; gan chiall.
grinn, néata, comair, snasta.
iarmailt: an fhirmimint, an spéir.
ionnais (iùnais),
éagmais. As t’ionnais .i. gan tú; i d’éagmais.
ionndrainn, cronú. Gad’ ionndrainn uam .i. do do chronú;
do d’aireachtáil uaim.
ite, cleite.
lèirsinn, radharc na súl; na súile féin.
lòn, linn uisce. ‘A’ snámh cho aotrom ris an
fhaoilinn air lòn.’
lurach, aoibhinn, álainn.
màlda, aoibhiúil, séimh.
màldag, ógbhean mhaiseach mhodhúil.
mulad,
gruaim, brón. ‘Duine gan mhairg gan mhuláid’ a deir muintir Thír Chonaill,
agus iad ag trácht ar dhuine sochma suaimhneach.
muran,
muiríneach.
rìbhinn,
ríon, ríbhean.
rionnag,
réalt, réaltóg.
seòrsa,
sórt, saghas, cineál.
sgleò,
‘ceo’ ar shúile duine; léaspáin; speabhraídí.
snìomhanach,
cathach, cuachach, dualach.
strì,
spairn.
stròil
sról, meirgí, bratacha.
talach,
casaoid, clamhsán.
tàmh,
suaimhneas, ciúnas. Àite tàimh .i. ionad cónaithe; ionad suain.
tighinn,
teacht.
toigh:
Is toigh leam an t-àite so; ach is docha (tocha) leam mo dhachaidh fhéin .i. is
maith liom an áit seo; ach is fearr liom mo bhaile féin.
tric,
minic.
tuathanach,
feirmeoir; gnáthdhuine de mhuintir na tuaithe.