Scéal a seacht
Is dóigh, agus is beag nach deimhin, gur naïve le littérateurs Gaeilge na hÉireann an scéal seo, Oighre ’n Dùin-bhàin1. Ach
scríobhadh é corradh maith le dhá fhichead bliain ó shin – tráth a bhí
litríocht Ghaeilge na tíre seo féin folamh go maith ón domhaineagnaíocht
freacnairce atá le fáil anois inti. Níl sa scéal seo ach an cineál ba mhó a
thaitneodh le daoine coitianta na Gaeltachta. Ach b’fhéidir gurbh fhearr don
teanga Ghaeilge a thuilleadh den sórt seo léitheoireachta a bheith le fáil ag
na mílte de dhaoine beagléannta arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.
I dtús an scéil seo, tá cuntas ag an údar ar thrí
fhearann oidhreachta a bhí sa chríoch ag a chéile – Oidhreacht an Dúin Bháin,
Oidhreacht an Chnoic, agus Oidhreacht na Coille Móire.
An t-ógfhear a bhí ina oidhre ag fearann an Dúin
Bháin agus an t-ógfhear a bhí ina oidhre ag fearann an Chnoic, bhí gach duine
díobh ina scafaire breá – agus bhí súil ag gach duine díobh ar Isibéal, an
cailín álainn b’iníon don té ar leis fearann na Coille Móire. Ba mhaith a bhí a
fhios sin ag athair Isibéal; agus ba mhaith leis í a bheith i gcleamhnas le
hoidhre an Chnoic, cionn is gurbh é sin ba shaibhre den bheirt. Ach b’fhearr le
hIsibéal féin oidhre an Dúin, cionn is gurbh é ba dhóighiúla agus ba
thaitneamhaí nádúr. Má tá, ní raibh i ndán dí é a phósadh – agus dá mbeadh, ní
bheadh an scéal seo le hinsint.
Nuair a bhí deireadh le hobair an fhómhair, bhí coirm
i dteach na Coille Móire mar ba ghnách; agus ba ansin a bhí an comhthionól de
ógfhir scafánta agus de bhruinnealla ab álainn snua agus cló.
Bha an oidhche ga caitheamh gu sunndach, aighearach1; fuaim fharamach aig casan sgiobalta air
ùrlar lìobhanta2; mac-talla
nan creag ag aithris gu caithreamach an aodann gach stalla fuaim nan òran is
ceòl na pìoba3. Bha oighre an Dùin is oighre a’ Chnuic a’ strì cò bu trice bhiodh an cuideachd
Iseabail4. Nam biodh i an
rìthle5 leis an dara fear,
an tràth’s, bhiodh i leis an fhear eile a-rithist.6
Bhí an deoch á dáileadh go minic; agus níorbh fhada
go raibh a rian sin ar na fir. Murchadh Óg, oidhre an Dúin, d’iarr sé ar
Shéamas Bhán, píobaire, fonn áirithe a sheinm. Agus ba é an fonn é, fonn
máirseála a chine féin – ‘Spaidsearachd Chloinn ’IllEathain’. Thosaigh an
píobaire a dh’ullmhú chun an fonn a sheinm; ach, leis sin, tháinig oidhre an
Chnoic chuige gur chuir sé cogar ina chluais agus gur fhág sé bonn óir ina
láimh. Agus is éard a tháinig de sin gur sheinn an píobaire ‘Cruinneachadh
Ghlinne Garaidh’ – fonn máirseála an chine ar díobh oidhre an Chnoic!
Chonacthas do Mhurchadh Óg gur mhór an easonóir sin
dó féin; thug sé aghaidh ar an phíobaire, agus chnag sé le buille de dhorn é.
Chuaigh an píobaire as mothú; agus ba róchosúil nach dtiocfadh sé chuige féin
choíche! Rinne Murchadh Óg amach gurbh fhearr dó féin teitheadh ó bhaile; agus
d’imigh sé ó dheas go Grianaigh. Le linn é bheith ansin, chuir mac dearthár
athar chuige scéal go bhfuair an píobaire bás. Lom láithreach, chinn Murchadh
ar imeacht chun na hAstráile agus aghaidh a thabhairt ar Bhalarat, ionad a
raibh a lán eile ag déanamh air, an tráth sin, féachaint an dtiocfaidís ar
shaibhreas óir. I gceann cúpla lá ón am sin, ba dhuine é de fhoireann loinge a
bhí ag dul chun na hAstráile. B’olc an t-ádh a bhí ar an fhoireann chéanna.
Chaidh
an long a chall air taobh an iar Afraga7; agus b’e Murchadh fhèin an t-aon fhear de na bha air bòrd a chaidh
a shàbhaladh. Shnàmh e gu sgairteil8
a-measg nan tonnan mòra; ach nuair a ràinig e cois na tuinne, na b’fhaide cha b’ urrainn dha dol9….bha
e cho claoidhte leis a’ ghàbhadh mhòr as an tàinig e, nach d’ rinn e ach imeachd astar beag air a mhàgan10,
’s e fhèin a shìneadh anns an fheamainn.
Agus, d’ainneoin na gaoithe móire agus na toirní agus
na báistí, ba ghearr go raibh Murchadh Óg faoi shuan trom. Tráth a dhúisigh sé
as an suan sin agus bhreathnaigh sé ina thimpeall, ní ina luí ar an trá a bhí
sé. Is éard a bhí sé i mbothán nach raibh neach le feiceáil aige ann ach daoine
dubha na hIar-Afraice. Ach níorbh ionann bheith dúchneasach agus bheith gan
daonnacht. Thug siad siúd aire mhaith do Mhurchadh, agus níorbh fhada go raibh
sé ar a sheanléim.
Bhí sé buíoch den mhuintir do shábháil ar a bhás é;
agus theagasc sé dóibh dóigheanna chun tithe ní b’fhearr a dhéanamh dóibh féin,
agus dóigheanna chun toradh ní b’fhearr a bhaint as an talamh. Agus sin an saol
a bhí ag Murchadh Óg ansiúd ar feadh ceithre bliana. Ach, i gceann an ama sin,
tháinig long mhór cóngarach go maith don chladach in aimsir ceo. Ba as Albain
lucht na loinge sin, agus ba ar an Astráil a bhí a dtriall. D’fhág Murchadh
slán ag a chairde dubha, agus chuaigh sé leis an long go Melbourne. Ní dhearna
sé moill ar bith sa chathair sin. Lom láithreach, thug sé a chúl léi; agus, de
shiúl a chos, bhain sé Balarat amach faoi dheireadh. D’éirigh go maith leis.
An-dèidh
a bhith11
fichead bliadhna ann am Balarat12, smaoinich e: on
a bha maoin gu leòr aige ’s gun duine ann aige am fàgadh e e, gun rachadh e a chosg a chòrr de a
bhliadhnachan13 air ais ’s air aghaidh feadh na dùthcha agus nam
bailtean mòra. Cha chual e sgeul riamh on t-seann dùthaich; is b’àill leis nach
cluinneadh, air eagal ’s nach b’e sgeul ro thaitneach a bhiodh innte.
D’imigh sé as Balarat le ceann de na cóistí a gcuirtí
an t-ór leo ó na mianaigh chuig bainc an bhaile mhóir. Bhí go maith agus ní
raibh go holc nó gur shroich an cóiste giota de bhealach garbh a raibh coill
dhlúth ar gach taobh de. Bhí crann mór ina luí trasna an bhealaigh ansin; agus
b’éigean don chóiste stopadh nó go gcuirtí an crann i leataobh. Agus níor
luaithe a stad an cóiste ná thosaigh buíon de chreachadóirí á ionsaí!
Thosaigh an loscadh idir na creachadóirí agus lucht
an chóiste; ach ba leis na creachadóirí ba threise. Sheas Murchadh Óg an fód go
calma nó gur fágadh ina aonar ar an fhód sin é. Thug sé iarraidh teitheadh
ansin; ach thit sé, agus na creachadóirí ag loscadh air go tiubh. D’fhan sé ina
luí san áit inar thit sé; agus ba dheimhin leis na creachadóirí gur marbh a bhí
sé. Bhailigh siad chucu creach an chóiste ansin, agus d’imigh siad ar cosa in
airde.
Ar thógáil a chinn do Mhurchadh, thug sé faoi deara
capall bán a d’fhág na creachadóirí ina ndiaidh leis an deifir a bhí orthu ag
imeacht. Ba chapall óg go maith í; agus bharúil Murchadh nárbh fhada go
n-imeodh sí an bealach céanna a ndeachaigh an mhuintir ar leo í. Bhí an ceart
aige. Ghluais an capall bán léi go socair suaimhneach; agus lean Murchadh í. Go
luath ar maidin, shroich sí áras na gcreachadóirí – teach ba chosúil le teach
feirme.
D’fhan Murchadh i bhfolach nó go raibh an mhórchuid
den mhaidin caite. Chuaigh sé chun an tí ansin; agus ag ligean air nach raibh
amhras dá laghad aige ar mhuintir an tí, d’inis sé dóibh mar a d’éirigh dó,
tráthnóna roimhe sin. D’éist siad leis go ciúin cairdiúil; thug siad a sháith
le hithe agus le hól dó, agus chuir siad lón bia agus dí leis nuair a bhí sé ag
imeacht uathu.
Thug Murchadh buíochas mór dóibh, agus d’fhág slán
acu go dea-bhéasach. Ach níorbh fhada a chuaigh sé sular casadh dó marcach a
chuir forrán air agus a d’fhiafraigh arbh eol dó teach ar bith inarbh fhéidir
lóistín a fháil. D’inis Murchadh dó faoin teach a raibh sé féin i ndiaidh
aíocht a fháil ann; ach bhí a bharúil féin ag an fhear seo den teach céanna,
agus (má b’fhíor) níorbh í an dea-bharúil í.
“Tha droch ainm aig an taigh sin,” ars an
coigreach14. Arsa Murchadh, “’s iad na daoine as cneasda thachair ormsa15 riamh; agus
’s iomadh doras a ràinig mi nis. ’S ann a nì
iad gàirdeachas ri duine dhol an ràdh a bheir dhaibh eachdraidh an t-saoghail,
’s iad cho leth-oireach16. Sin mar a fhuair mise iad, co-dhiù;
agus moladh gach neach mar a gheibh.”
Bhí a theanga ina leathphluc ag Murchadh le linn é
bheith á rá sin. Rómhaith ab eol dó gur de dhream na gcreachadóirí é an té a
bhí ag cur ceiste air, agus nach de thaisme a casadh an té sin dó. Dá n-inseodh
Murchadh a fhíorbharúil de lucht an tí úd, ba ghairid go gcuirtí piléar tríd an
chroí aige. Ach d’imir sé a chluiche chomh healaíonta agus gur chuir sé cluain
ar fhear a cheistithe. D’fhág sé sin slán aige go caoithiúil; agus ba
lúcháireach (istigh ina chroí) a chuir Murchadh slán leis.
Ar feadh trí lá ina dhiaidh sin, bhí Murchadh ag
triall tríd thír nach raibh teach de shórt ar bith le feiceáil inti, thall ná
abhus. Ach, an ceathrú lá, chonaic sé uaidh bothán a raibh toit ag teacht as an
simléar aige. Ba lúcháireach a tharraing sé ar an bhothán sin – agus ba
lúcháirí ná sin féin é nuair a shroich sé an bothán. Óir b’as Gaeltacht na
hAlban é an fear aonair a bhí ina chónaí ansiúd!
Thosaigh an comhrá agus an seanchas acu; agus lena
linn sin, d’fhionn Murchadh Óg cárbh as an fear seo agus cérbh é féin. Ba é
Séamas Bán, píobaire é! An fear a fuair bás i bhfad ó shin de thoradh an
bhuille a bhuail Murchadh féin air – má b’fhíor don fhear muinteartha a chuir
scéala chuige nuair a bhí sé i ndiaidh teitheadh ón bhaile!
“A Sheumais bhàin, eudail”,17 ars esan, “a bheil thu beò fathast, ged is
iomadh deur goirt a leig mi agus ceum allabanach18
a thug mi airson do bhàis o chionn ceithir bliadhna fichead? Is mise Murchadh
Òg an Dùin! An aithnich thu, idir, mi?”19
D’aithin Séamas Bán é ansin; agus níorbh fhada gur
léir do Mhurchadh cad é a tharla. Ba mhac dearthár athar dó an té a chuir an
scéal úd chuige. É ag dúil go n-imeodh Murchadh leis thar sáile agus nach
bhfillfeadh sé – rud a d’fhágfadh an oidhreacht ag fear na bréige féin!
Cibé ar bith, d’fhill Murchadh Óg agus Séamas Bán
chun an bhaile ón Astráil. Bhí athair agus máthair Mhurchaidh araon beo, cé
gurbh aosta iad. Agus murarbh orthu a bhí lúcháir roimhe, ní lá go fóill é.
1 Iain Mac Cormaic a scríobh. Foilsíodh an scéal in Uirsgeulan Gàidhealach, leis an do choisneadh duaisean aig Mòid a’ Chomuinn Ghàidhealach, Aonghas Mac Aoidh, 43 Murray Place, Stirling, a d’fhoilsigh. Calum Mac Phàrlain a rinne an eagarthóireacht.