Scéal a sé
An bhean uasal a chuir an scéal seo, Clach na Lànain1,
i gceann a chéile, dúirt sí féin:
Tha Clach na Lànain aig Grìobunn, mar a tha
air innse. Dh’fheuch mi, ach gu dìomhain, beulaithris na dùthcha, fhaotainn mu
thimcheall a’ chàraid òig a tha foidhpe. Mar sin rinn mi suas an sgeul de
nithean a bha fios agam a thachair, còmhla ris na sean mhodhanna agus an
caitheamh-beatha a bha muinntir a’ cleachdadh ri m’ òige.
(Tá Clach na Lánain ag Gríobunn, de réir mar atá
inste. D’fhéach mé – ach go díomhaoin – le heolas a fháil as béalaithris an
cheantair faoin lánúin óg atá fúithi. Mar sin, rinne mé suas an scéal de nithe
arbh fhios dom gur tharla a leithéidí, agus den eolas atá agam ar na nósanna
agus na modhanna beatha ba chleachtadh do mhuintir na dúiche tráth a bhí mé i
dtús mo shaoil.)
Is dóigh liom gur éirigh go maith léi – agus gur mhór
an chúnamh di an chuimhne chaoin a bhí aici ar an am ina mbíodh teaghlaigh na
seanáite chomh dáimhiúil agus chomh cuidiúil le chéile agus dá mba den aon
teaghlach iad uile go léir.
D’inis sí an scéal mar a bheadh sé á insint ag
seanbhean a bhí ina cailín óg tráth a tharla an oidhe. Níl ainm na seanmhná
luaite sa scéal, ar chor ar bith; ach sa trácht beag seo, déanfaimid de
dhánacht ‘Ealasaid’ a ghairm di.
Ag éirí aníos do Ealasaid, bhí a muintirse agus
muintir Iain Gobhainn an-mhór le chéile. Agus b’annamh nach i gcomhluadar a
chéile a bhíodh Ealasaid agus iníon Iain – girseach arbh ainm baiste di
Raonaild. Seo thíos cúpla focal dá ndúirt Ealasaid agus í ag trácht ar phearsa
an chompánaigh sin aici:
“Bha Raonaild cho aotrom iollagach1 air a dà chois ri
eun air iteig2; bha i cho
bòidheach ri ròs fhiadhaich an fhàile
chùbhraidh3 a bha ann an oiseann4
a’ ghàrraidh; bha i cho mireagach ri uan
gun lochd5.”
Tráth a bhí Raonaild tuairim is naoi mbliana déag de
aois, agus Ealasaid claon beag ní b’óige, tháinig strainséir chun na háite –
táilliúir óg arbh fhairsinge ann giodal ná gaois ná gaisce. Thug an táilliúir
spéis mhór do Raonaild; agus ní raibh Raonaild gan siamsa a bhaint as an mhéid
sin. Í féin agus Giolla Easpaig (deartháir de chuid Ealasaid) bhídís go suairc
leis an táilliúir, agus choinnídis i dtiúin mhaith é.
Iain, deartháir eile de chuid Ealasaid, ní bhíodh
lámh ar bith aige sa ghreann sin. Bhí Iain i ngrá le Raonaild; agus is dóigh,
mar sin, gurbh fhearr leis gan an táilliúir a bheith ag teacht ar céilí acu, ar
chor ar bith. Ach thagadh an táilliúir go minic; agus tháinig sé, oíche nár
mhór ná gur léir do dhuine a fhad féin roimhe.
Bha iad a’
bruidhinn mu6 dhorchadas na h-oidhche; oir bha ceò dòmhail7 ann, agus bha an
tàillear a’ deanamh bòsd8
as a mhisneach fèin, ag ràdh gu daingeann gun robh e os ceann geilt9 a ghabhail, ged a
sheasadh duine air thoiseach air10,
air a rathad dhachaidh11,
gus a sporan no a bheatha no a bheatha thoirt uaithe.”
Gan mhoill ina dhiaidh sin, d’imigh an táilliúir; agus
níorbh fhada gur iarr Raonaild ar Ghiolla Easpaig í a chomóradh chun an bhaile.
Ní nach ionadh, rinne sé mar a d’iarr sí air.
Chuaigh seachtain thart sular fhill an táilliúir;
agus ní raibh sé gan scéal iontach a bheith leis faoina shiúl chun an bhaile,
an oíche úd an cheo.
“...thàinig duine mòr àrd a-mach o chùl na
creige, agus leis an dag12
ri clàr m’ aodainn thug e òrdugh dhomh mo sporan a liùbhairt13… Cha
robh a chridhe agam carachadh, mun rachadh am peilear tromham14;
mar sin cha robh dol os a’ chàs, agus thug mi an sporan don bhèist15.”
Nuair a bhí scéal a robála inste ag an táilliúir,
d’fhág Raonaild an láthair; ach ba ghairid gur fhill sí. Bhí sí i ndiaidh clóca
fhear an tí agus boinéad Ghiolla Easpaig a chur uirthi; agus cad é a bhí ina
láimh aici ach putóg dhubh ar a raibh déanamh nárbh éagosúil le déanamh
piostail! “An é seo an sórt duine a thug do sparán uait?” ar sí leis an
táilliúir, agus d’fhág sí a sparán os a choinne ar an tábla. Rug an táilliúir
ar an sparán. Thug sé aghaidh ar an doras, agus é ag bagairt dlí ar Raonaild...
Níor fhill sé ó shin amach.
Tuairim is bliain go leith ina dhiaidh siúd,
socraíodh cleamhnas idir Iain agus Raonaild, agus thosaigh a muintireacha agus
na comharsana a dh’ullmhú le haghaidh na bainise. Bhí cion ag gach uile dhuine
ar an phéire óg, agus bhí gach uile dhuine go maith dóibh.
Trí lá roimh lá an phósta, chuaigh Ealasaid (deirfiúr
Iain) go hÍ Cholaim Chille go
n-iarrfadh sí ar bhanchara a bhí ansin aici teacht
léi chun cuidiú leo in aimsir na bainise. Agus, le linn iad a bheith i
gcuideachta a chéile in Í, thug Ealasaid faoi deara rud a chuir a sáith iontais
uirthi.
Ag amharc a-mach air a’ chuan, thug mi an
aire gun robh Tiriodh mar gur e ag èirigh as an fhairge. A-nis, tha Tiriodh cho ìosal gu bheil e duilich a thogail ri
sìd mhath shoillèir16; mar sin, chuir e iongantas orm na ceithir
cnuic ìosal fhaicinn cho dealbhach17.
“Seall18, a Bheitidh!”
ghlaodh mi. “Tha Tiriodh ag èirigh as an fhairge!”
Bhreathnaigh sí féin agus Beitidh ar an radharc, agus
iad araon faoi scáth. De réir a chéile, thuas sa spéir os cionn Thiriodh,
tháinig fíorchosúlacht an oileáin sin, ach amháin go raibh an chosúlacht
bunoscionn – beanna na gcnoc ar íochtar agus cladach an oileáin ar uachtar!
D’fhan an chosúlacht sin ar a n-amharc ar feadh tamaill bhig. Thosaigh sí a leá
as a chéile ansin, agus ba ghearr go raibh sí chomh dofheicthe le rud nach
raibh riamh ann.
D’fhiafraigh Ealasaid go huafásach de Bheitidh cad é
ab fhéidir bheith ina chúis lena leithéid siúd de radharc, ar chor ar bith.
B’fhada ó Bheitidh féin bheith saor ó uafás. Ba thuar mífhortúin é siúd, dar
léi; agus b’eagal léi baint a bheith ag an mhífhortún leis an bhainis.
Tháinig Beitidh le hEalasaid go Muile; agus d’inis
siad ansin do mháthair Ealasaid an radharc iontach a chonaic siad sular fhág
siad Í. D’inis an mháthair do fhear an tí é; agus ní rómhaith a thaitin an
scéal leis. Ach bhí a ábhar féin aigesean leis an mhíthaitneamh. Dúirt sé gur
thuar tromdhoininne é a leithéid siúd de radharc; agus b’eagal leis go dtiocfadh
an doineann sula mbeadh an bhainis thart, agus nach gan anró mór a gheobhadh
cuid den chomhthionól filleadh ar a mbailte féin.
Cibé ar bith, leanadh don ullmhú le haghaidh na
bainise, cé nárbh fhada gur léir do chách an mí-athrú aimsire a bheith ag
teacht de chomhair baile. Ach go hádhúil, dar le gach aon, mhair an ciúnas nó
go raibh an pósadh déanta agus an bhainis caite.
Chuaigh buíon dá gcairde leis an lánúin óg á
dtionlacan chuig an áras ina raibh siad le seadú – teach de chois bhóthar
Ghríobunn. D’fhág an lucht tionlacain slán agus beannacht acu ansin, agus thug
aghaidh ar a mbailte féin…. Phléasc an doineann mhór sular tháinig an mhaidin.
Tráthnóna arna mhárach, tháinig Dómhnull Mac Gille
Eathain go doras an tí ina raibh muintir Ealasaid ina gcónaí. Iarradh go
croíúil air dul isteach; óir b’as Gríobunn é, agus ba ghar dá chéile a
theachsan agus an teach a bhí faighte ag Iain agus ag Raonaild. Chuaigh sé
isteach; agus ba ghairid gur fhiafraigh Ealasaid de an bhfaca sé Iain agus
Raonaild ó mhaidin. Ach d’fhan Domhnull ina thost.
“Dè a
tha air tachairt?”19 dh’fharraid mo mhàthair le ciùineas20, ged a bha an iomagain21 na sùil.
“An uair a dh’èirich sinn an-diugh, ’s a
chaidh sinn a-mach, chunnaic sinn gun do thuit meall mòr anuas on chreig.”
“Càite?” arsa Gilleasbuig.
“Air taigh Iain”.
“Ach
dè sin22, ma tha iad fhèin sàbhailte? Dè a thachair riuth fhèin?”23
“’S ann feadh na h-oidhche a thachair don
mheall tuiteam!” fhreagair Dòmhnall.”
Iain agus Raonaild shoineanta shuairc – an lánúin
nach rabhthas ach i ndiaidh iad a phósadh – bhí siad adhlactha faoin mheall
mhillteanach carraige úd nár tugadh de ainm ó shin air ach ‘Clach na Lànain’!
1 Catrìona Nic-ille-bhàin Ghrannd a scríobh. Clóbhuaileadh é, bliain a 1911, in Aig Taigh na Beinne, The Oban Times Printing Works, Esplanade, Oban. Ghnóthaigh sé duais ag Mòd a’ Chomuinn Ghaidhealaich; agus, i mbliain a 1912, chuir Aonghas Mac Aoidh, 43 Murray Place, Stirling, athchló air (faoi eagarthóireacht Chaluim Mhic Phàrlain).