Scéal a cúig
An dréacht atá faoi thrácht anseo, is éard atá ann,
scéal an turais a rinne fear áirithe ó Ghaeltacht Alban go Glaschú; agus is é
is teideal dó Litir o Fhionnlagh Pìobaire
g’ a Mhnaoi1. I mbliain a 1897 is
ea a foilsíodh é; agus, ar an ábhar sin féin, is fiú, dar liom, suim faoi léith
a chur ann.
De réir mar a deir na saineolaithe, ba ríbheag feidhm
a bhíodh á baint as ‘caint na ndaoine’ ag scríbhneoirí Gaeilge na hÉireann, trí
scór bliain ó shin. B’fhearr leo (nó b’fhéidir gurbh fhusa le cuid acu) aithris
a dhéanamh ar an chineál a dtugtar ‘an tseanstíl liteartha,’ nó ‘Gaeilge an
Chéitinnigh’ air. Ach is deimhin gur shaor go maith ón chlaon sin a bhí
‘Fionnlagh Píobaire.’ An scéal a bhí le scríobh aigesean, scríobh sé é chomh
tíriúil nádúrtha agus dá mbeadh sé á insint ina theach féin, agus gan sa
láthair ach buíon de ghnáthdhaoine an bhaile.
Nuair a bhí aíocht faighte ag Fionnlagh i dteach
duine muinteartha sa chathair, tharraing sé chuige peann agus páipéar gur
scríobh sé cuntas ar an mhéid a tharla dó ó shroich sé an bád a bhí ag fanacht
le paisinéirí a thabhairt ón chladach amach chuig an ghal-long a thabharfadh go
Glaschú iad.
Ag sroicheadh ché an bháid dó, bhí scata maith
bailithe, idir dhaoine a bhí ag imeacht agus dhaoine a bhí ag cur slán leo sin.
Bhí aithne ag Fionnlagh orthu uile, agus aithne acu air; agus thug siad faoi
deara go raibh bríste air – ball éadaigh nach gcleachtadh sé a leithéid sa
bhaile. Pára Mór, fear dá raibh ag imeacht, ‘mhair’ sé an bríste do Fhionnlagh.
Ach níor chúis mhór ar bith áthais do Fhionnlagh bheith faoi bhríste.
“Ma ta,” ar sé, “tubaist oirre! Is i so a’
chiad uair a chuir mi orm i. Na’m fuirgheadh i shuas, cha bu ghearan e; ach tha
mi cheana cho sgìth dhi ’s a bha da-bhliadhnach eich de’n ghad, a’ chiad
oidhche a chuireadh air e.”
(“Má tá,” ar sé, “tubaist uirthi! Is é seo an chéad
uair dom í bheith orm. Dá bhfanfadh sí thuas (gan titim) níor chás é. Ach,
cheana féin, tá mé chomh tuirseach di agus a bheadh bromach den chéad cheangal
a chuirfí air.”)
Cibé ar bith, ghluais an bád amach, agus níorbh fhada
go bhfacthas an ghal-long ag teacht ina haraicis. ‘A’ Mhaighdean Mhorairneach’
ab ainm don ghal-long; ach chonacthas do Fhionnlagh agus do Phára Mhór nár
ró-oiriúnach an t-ainm di é.
“Tha i a’ tighinn,” arsa Pàra Mòr, “an
aigeannach mhaol ghrannda le a gleadhraich ‘s le a h-ùpraid; cha b’ iongnadh
leam ach ‘A’ Mhaighdean’ a ràdh rithe; b’ i sin a’ mhaighdean gun mhodh, gun
eismeil!”
(“Tá sí ag teacht,” arsa Pára Mór, “an ruibhseach
mhaol ghránna lena cuid gleo agus slapaireachta. Ní dhéanfainn an oiread
iontais di, murab é go dtugtar ‘maighdean’ uirthi. Is í an mhaighdean gan
mhodh, gan mhúineadh, í!”)
Bhí cuma gharbh-bhéasach go leor ar an ‘Mhaighdean’;
óir bhí sí ag fágáil na farraige faoi anfa ar a deis agus ar a clé le dhá roth
mhóra ba chosúil le rothaí a bheadh á gcasadh ag sruth muilinn. Ach, go gearr
ina dhiaidh siúd, stad na rothaí den chasadh, agus tháinig an ‘Mhaighdean’ chun
cónaithe.
Ba ansin a bhí an obair ag lucht an bháid ag iarraidh
druidim le slios na gal-loinge, agus iad faoi eagla go steallfadh tonn éigin an
bád ina héadan agus go ndéanfaí smionagar den bhád féin. Ach, faoi dheireadh
thiar thall, d’éirigh le Fionnlagh agus le Pára Mór agus na paisinéirí eile dul
ar bord go sábháilte. Croite go maith a bhí Fionnlagh, faoin taca sin; ach bhí
Pára Mór neamhchorraithe, agus d’iarr sé ar Fhionnlagh bheith leis síos chuig
seomra an innill, go bhfeicfeadh sé na gléasraí a bhí san áit sin.
Chuaigh; agus ba ansin a chonaic Fionnlagh radharc ba
sháriontach leis. Ba bheag nach raibh an t-inneall féin chomh hard agus chomh
leathan leis an seomra ina raibh sé ag oibriú. Agus b’iomaí ball a bhí ag
feidhmiú ann. Bhí rothaí móra iarainn ag casadh thart go fadálach, agus bhí
rothaí beaga iarainn ag casadh ina n-imeall sin chomh gasta le cnaipí damhsa.
Shílfeá gur dheacair do dhuine dul slán ó thaobh an
tseomra go dtí an taobh eile. Ach, rud ab uafásach le Fionnlagh, bhí fear de
fhoireann na gal-loinge ag siúl leis ó ghléas go gléas díobh siúd, agus ag cur
ola orthu. Dúirt Pára Mór féin gur chrua a bhí a chuid aráin á chosaint ag fear
na hola. I nGaeilge a labhair sé, ar ndóigh, agus gan smaoineamh aige go mbeadh
a chaint intuigthe ag an fhear a raibh sé ag trácht air. Ach bhí an oiread
Gaeilge ag an fhear sin agus a bhí acu féin; agus ba thapa a chuir sé an méid
sin i bhfios dóibh.
“Carson?” ars esan, agus e a’ tionndadh
suas a shùil, a bha a’ snàmh ann am fallas. Ged a labradh a’ ghéimhleag iarainn
a bha na làimh, cha b’urrainn dhuinn barrachd iongnaidh a bhith oirnn an uair a
chuala sinn an duine seo a’ labhairt na Gàidhlig.
“Nach do shaoil mi”, arsa Pàra Mòr, “gur
Sasannach no Èireannach, no Gall bochd a bh’ ann!”
(“Cad é an
fáth (a ndeir tú sin)?” ar seisean. Dhearc sé aníos orainn, agus a shúile ar
snámh in allas. Dá mba é an cró iarainn a bhí ina láimh leis a labharfadh linn,
níorbh fhéidir iontas ní ba mhó teacht orainn ná mar a tháinig orainn, nuair a
chualamar an duine seo ag labhairt na Gaeilge.
“Nach é an rud a shíl mé féin,” arsa Pára Mór, “gur
Sasanach é, nó Éireannach, nó Gall bocht éigin!”)
Cibé ar bith, tháinig fear na hola chucu gur thug sé
a bheagán nó a mhórán eolais dóibh ar oibriú na saileanna agus na slat agus na
rothaí iarainn.
I gceann tamaill ón am sin, rug mórtas farraige ar an
ghal-long – agus rug tinneas farraige ar a lán dá raibh ar bord. Pára Mór féin,
bhí sé buíoch beannachtach, lá arna mhárach, nuair a shroich siad calafort
Ghlaschú.
Ba rí-iontach le Fionnlagh Píobaire an radharc a bhí
le feiceáil aige nuair a stop an ghal-long ag cé an Broomielaw. Chonaic sé
longa agus báid ag teacht agus ag imeacht, mar a bheadh an saol mór ag dul go
Glaschú agus an saol mór ag teitheadh as. Agus, ar an ché, bhí slua nár bheag
ag feitheamh ar an ‘Mhaighdean Mhorairneach’ féin.
Dream dá raibh ar thús an tslua, bhí iris ar a
ghualainn agus biorán feiceálach brollaigh in ucht a ionair ag gach duine acu.
Dhearc Fionnlagh Píobaire ar fhear díobh sin; agus, lom láithreach, sméid mo
dhuine ar Fhionnlagh chomh lách fáilteach agus nárbh fhéidir le Fionnlagh gan
déanamh mar an gcéanna leisean.
Ann am priobadh na sùla bha e air clàr na
luinge, agus thog e leis bocsa mo phìoba agus màileid Phàra Mhòir, cho èasgaidh
’s a ghlacadh Gàidsear Thobar Mhoire botal uisge beatha, gun chuireadh, gun
chead. “Air d’ athais!” arsa Pàra Mòr; “an cuala tu riamh, mo ghille math, mar
a thuirt clag Sgàin, ‘An rud nach buin dhut, na buin dha’”.
(I bpreabadh na súl, bhí sé ar bhord na loinge; agus
thug sé leis bosca mo phíbe agus mála Phára Mhóir chomh scioptha agus a
bhéarfadh Fear Custaim Thobar Muire leis ceaig uisce bheatha, gan chead, gan
chuireadh, “Go réidh!” arsa Pára Mór. “Ar chuala tú riamh, a dhuine chóir, mar
a dúirt Clog Sgáin, ‘An rud nach mbaineann díot, ná bain de’?”
Ach thuig siad, gan mhoill, gur ghiolla iompair é
siúd; agus lig siad dó, mar bhí sé thar a bheith modhúil sibhialta. D’iarr siad
air a dtreorú chuig an teach a raibh siad le bheith ar aíocht ann. Rinne sé an
méid sin; agus ba thíriúil Gaelach a chuir lucht an tí úd fáilte rompu.