Scéal a ceathair
Aimsir na Highland
Clearances is dáta don scéal seo1.
De réir mar atá inste ag an údar, bhí an Gille Gibeach (Giobach) agus a
mháthair ina gcónaí sa Ghleann Mhór, tuairim is naoi scór bliain ó shin. Bhí an
mháthair ina baintreach; agus ba é an Gille Gibeach a haon duine clainne. I
gceann a cheithre bliana déag dó, bhí sé ina stócach caol crua ard, agus
spriolladh ar leith ann. Rud nach annamh do ógánaigh a thógtar mar a tógadh
eisean, bhí deis a labhartha aige; agus níorbh eagal leis feidhm a bhaint as an
bhua sin i láthair duine ar bith – bíodh an duine sin ina dhubhíochtarán nó ina
arduachtarán.
Tráth nach raibh an Gille Gibeach ach i lár na ndéaga
de bhlianta, is ea a tosaíodh ar na clearances.
Ba phroifidí do na tiarnaí, dar leo, caoirigh agus fianna a bheith ina
dtionóntaí ar a gcuid tailte acu ná slua de neacha daonna nach raibh acu ach
‘ón láimh go dtí an béal.’ Agus, má b’fhíor do na tiarnaí céanna, ba dheimhin
gur neamh ar talamh a bheadh ag na Gaeil bhochta úd thall i gCeanada i
bhfarradh is an dóigh dhíblí a bhí orthu abhus. Rinne siad dá réir sin; agus, i
dtús an earraigh, rug uair an ‘dea-athraithe’ ar mhuintir an Ghleanna Mhóir.
Tháinig an sirriam, agus thug sé cáiteach ghorm de rabhadh díbeartha do gach
ceann urra tí dá raibh sa ghleann. Go gearr ina dhiaidh sin, tháinig an báille
gur fhaisnéis sé go dtiocfadh long mhór chun an chuain faoi Bhealtaine, agus go
dtabharfadh sí léi, saor in aisce anonn go Ceanada, gach duine ar mhian leis
feidhm a bhaint as an tairiscint sin.
Dhiúltaigh muintir an ghleanna corraí as na
gabháltais a bhí acu; agus chinn siad ar leanúint den chúrsa sin nó go gcuirtí
amach iad le láimh láidir. B’fhéidir gur shíl siad nach ndéanfaí sin, nuair a
thiocfadh an chúis go cnámh na huillinne; ach, má shíl, baineadh mealladh mór
astu. Idir shirriaim agus mhaoir agus bháillí agus a gcosmhuintir sin, tháinig
an lucht dlí chun an Ghleanna agus, seal lae amháin samhraidh, d’imir siad
díshealbhú ar gach teaghlach dá raibh ann.
Ba mhaith an mhaise don Ghille Gibeach é, d’ionsaigh
sé go fíochmhar iad, nuair a thosaigh siad a bhaint an dín de theach a mháthar.
Ach ní raibh ann ach stócach óg amháin in aghaidh a raibh de amhais ansiúd;
agus ba ghairid gur cartadh i leataobh é. Leanadh den obair ghránna; agus
níorbh fhada go raibh teach na baintrí ina bhallóg. D’imigh drong an dlí ansin;
agus chóirigh an Gille cró beag foscaidh dó féin agus dá mháthair le hais na
ballóige.
Maidin arna mhárach, dúirt sé lena mháthair gur rún
dó dul a dhéanamh a ghearáin leis an Ridire Rua, an té ba thiarna talún don
Ghleann Mhór. Bhí a fhios acu araon nach raibh an fear rua chomh folamh ar fad
ó dhaonnacht agus a bhí a lán eile de na tiarnaí; ach bhí a fhios acu gur
dheacair dó gan siúl leis an reacht a bhí á chur i bhfeidhm ag na tiarnaí sin
eile, gan trua ná taise i gcás ar bith.
Dúirt a mháthair leis an Ghille gur thuras in aisce
dó é – nach bhfaigheadh sé sásamh ar bith ón tiarna. Ach ba dhochoiscthe an
stócach é an Gille céanna; agus thug sé aghaidh ar an Chaisteal Ghorm, an
foirgneamh mór ab áras don Ridire Rua agus dá shinsir roimhe. Ligeadh i láthair
an Ridire é; agus d’fhiafraigh sé sin go caoin de cad é ba chúis dó an turas
seo a dhéanamh. Agus, gan scáth gan eagla, thug an Gille freagra air:
“Dachaidh fhaotainn dhomh fhèin ’s dom
mhàthair.”(Áit chónaithe a fháil dom féin agus do mo mháthair.)
Labhair an Ridire go séimh leis, agus thosaigh a chur
comhairle air. Agus, i ndeireadh na comhairle, dúirt sé nár mhór a ghoillfeadh
air féin bheith ag imeacht ón Chaisteal Ghorm. Bhíog an Ghille, ar chloisteáil
na cainte sin dó; agus ba rachtúil a dúirt sé rud a bhain bíog as an Ridire.
Dúirt sé gur throm agus gurbh an-trom a ghoillfeadh sé ar mhuintir an Ghleanna
Mhóir seilbh an Chaistil Ghoirm a bheith á bhaint den Ridire go héagórach, agus
gur mhear a rachaidís faoi airm chun ceart a sheasamh dó.
Chrom an Ridire Rua a cheann go brónach; agus, gan
mórán moille, scríobh sé litir agus d’iarr ar an Ghille Ghibeach í a thabhairt
chuig an bháille. Is éard a bhí sa litir sin, ordú don bháille teach agus áit a
chur ar fáil do mháthair an Ghille, a fhad agus a bheadh sí beo! Rinneadh dá
réir sin; agus, tráth a d’éag an mháthair, d’imigh an Gille Gibeach anonn go
Meiriceá.
Chruthaigh sé go maith, thall. In aimsir an chogaidh
a thosaigh i mbliain a 1812, bhí sé ina chaptaen ar long dá raibh ag muintir
Mheiriceá ag creachadh an loingis Sasanaigh. Agus, cé go dtagadh sé cóngarach
go maith do na cóstaí abhus, ní rabhthas in inmhe breith air.
Lá dá raibh long Shasanach faoi ghreim aige, cé a
fuair sé ar bord ach mac an Ridire Rua! Ní aithneodh sé é, murab é gur sciorr
cúpla focal Gaeilge ar an bhuachaill, nuair a bhíothas ar tí a chur de fhiacha
air léim a thabhairt i bhfarraige – go mbáifí é. Shábháil an Gille Gibeach ar a
bhás é; agus d’inis an buachaill ansin cad é b’ábhar dó bheith ag imeacht anonn
thar sáile. Is éard a bhí faoi, dul go Ceanada, féachaint an bhfaigheadh sé
ansin áit a bheadh oiriúnach dá athair agus don chuid eile den teaghlach.
Dhéanadh an Ridire Rua mórán taistil i gcéin; agus,
lena linn sin, ba faoi chúram an bháille a bhíodh gnóthaí an eastáit. Tharla an
Ridire go domhain i bhfiacha; fuair sé ar iasacht ón bháille suim mhór airgid
nach raibh sé in inmhe é a aisíoc; agus, ina éiric sin, b’éigean dó seilbh an
eastáit a ligean leis an bháille.
Ar chloisteáil an scéil sin don Ghille Gibeach, ba
thapa a chinn sé ar bheart. Thug sé aghaidh na ‘Loinge Duibhe’ ar an chladach
ba chóngaraí do theach an bháille; thug sé leis buíon líonmhar de fhir armtha,
agus shroich siad a gceann uidhe, i dtráth an mheán oíche. Chuaigh an báille
agus a sheirbhísigh ar crith le teann eagla, nuair a d’aithin siad gurbh iad
muintir na ‘Loinge Duibhe’ a bhí i ndiaidh teacht ar bráid. Agus bhí a sáith de
shiocair acu – go háirithe ag an bháille féin. Ach ligeadh leis a bheo, nuair a
sheachaid sé don Ghille Gibeach an scríbhinn seilbhe a bhí aige – agus lab mór
den airgead a bhí gnóthaithe go mí-ionraic aige ar an eastát.
Gan mhoill ar bith ina dhiaidh sin, thug an Gille
Gibeach agus a fheadhain aghaidh ar an Chaisteal Ghorm. Sheachaid sé an
scríbhinn agus an t-airgead don Ridire Rua; agus thug sé i láthair an mac arbh
eagal leis an Ridire gurbh fhada a bheifí gan tásc ná tuairisc a fháil air – dá
bhfaighfí sin choíche.
Seo thíos samplaí de
Ghaeilge an scéil bhunaidh:
An mí-athrú a tháinig ar Thuaisceart Alban de thoradh
na Clearances
Thòisich leis sin ‘fuadach nan Gaidheal.’
Thòisich an sluagh ciatach1
àlainn air dol a-mach as an dùthaich cho
luath agus a b’ urrainn2 long mhòr nan trì chrann àrda an
sguabadh air falbh3 as
gach loch; agus nan lorg thàinig a’ chaora, ’s am fiadh, gus an-diugh, far an cluinnteadh.4 aon
uair, luinneag bhinn bhlasda cheolmhar na gruagaich,5
nach cluinnteadh ach mèil na caorach no langanach6 an daimh-fhèidh.
An Gille Gibeach ag caint le drong an bháille
“Cuiribh làmh air dad7 an-seo, agus bidh cinn sgoilte aig pàirt agaibh!”
ars an Gille Gibeach...
“Cò
as8 air an t-saoghal a thàinig an gog-ghèadh9 a fhuair a chainnt ro fhiaclan?” arsa fear
den chuideachd, an guth cho tàireil ’s
gun do ghàir an còmhlan10…
“Cha bhi mòran de mo leithidean eile ’sa
ghleann, ma dh’fhaodas tusa11,”
ars an Gille Gibeach.
An Gille Gibeach, nuair a dúirt an Ridire Rua nárbh
an-ghoilliúnach airsean bheith faoi fhiacha imeacht ón Chaisteal Ghorm
Thog e a cheann clèiteach ribeach12 an àird; chas e fhiaclan, theannaich
e a dhùirn; sheas e gu daingeann air a dhà bhonn, agus ars esan gu tul-chuiseach duineil13:
“Le ur cead, a Ridire, nam biodh14
teaghlach a’ Chaisteil Ghuirm a’ fàgail dachaidh an aithrichean, bhiodh mulad
agus bròn orrasan a chaidh a thogail is
àrach15 fo mhèinn ar
sinnsireachd; agus cò nach rachadh na bhogha ’s na chlaidheamh a sheasamh ur
còrach?”