Scéal a trí
Scéal beag gairid é an scéal seo, Tàillear Dubh na Tuaighe[1];
ach, ar a dhóigh féin is scéal suimiúil é. Is éard is ábhar dó, lá mór troda a
tharla idir na Camshrónaigh agus Clann an Tóisigh. An té a chuir an scéal i
scríbhinn, dúirt sé gurbh iomaí sin cath den chineál céanna a fearadh i
dtuaisceart na hAlban, agus atá gan iomrá ar bith ag lucht seanchais le fada an
lá.
Is furasta an méid sin a chreidiúint; agus is furasta
a chreidiúint gurbh iomaí sin géartheagmháil den sórt a tharla abhus in Éirinn,
tráth nár scéal annamh ar bith é a leithéid siúd nó a leithéid seo de chine dul
faoi airm agus imeacht a thógáil creiche. Gan amhras ar bith, ba bhorb iad na
fir a bhíodh sna sluaite úd. Agus, mar is léir ó dheireadh an scéil seo, níor
bhábóga boga ar bith iad cuid de na mná a d’fhágaidís ina ndiaidh sa bhaile.
Mac an Tóisigh Mór, bhí sé ag maíomh, san am úd, gur
leis féin, ó cheart, an fearann a bhí ag Mac Dhomhnaill Duibh (Camshrónach) in
aice Loch-Iall. Bhí a shliocht air. Ghair sé chuige ar dhá chéad ceithearnach
cróga; chuaigh sé féin ar a gceann, agus ghluais siad leo, bealach Loch-Iall.
Níor cuireadh chucu ná uathu, an lá sin, agus bhain siad fúthu go maidin ag
ceann an locha.
Ach b’óg a bhí an mhaidin, lá arna mhárach, nuair a
chonaic siad chucu Mac Dhomhnaill Duibh agus sé scór gaiscíoch dá chuid féin
leis. Rómhaith a bhí a fhios ag Mac an Tóisigh agus ag a chuid fear go rabhthas
ag brath iad a ionsaí, agus d’ullmhaigh siad iad féin le haghaidh catha. Ba
iadsan ba líonmhaire den dá shlua; ach bhí siad ar thalamh íseal, agus tháinig
na Camshrónaigh anuas fána an chnoic orthu.
Mar bheum-slèibhe1
a’ sguabadh a’ gharbhlaich2,
bhuail na Camshronaich gan ionnsaigh, agus buaidh no bàs ann an gnùis gach seòid3. Léum na glas-lannan a
truaillean, agus ghrad thruailleadh4
gorm-bhrat drùchdach a’ bhlàir le fuil
chraobhaich5 nan laoch borb….A dh’aindeoin cruadal nan Catanach,6 cha b’ urrainn dhaibh7 seasamh
an aghaidh cath-chuthach nan Camshronach. Bhrùchd iad air an ais gach taobh; agus
ged a rinn an ceannard treubhach na
dh’fhaodhadh e,8 chuireadh an ruaig orra.
Lean na Camshrónaigh don tóir, agus sheas na Tóisigh,
uair eile, féachaint le iad féin a chosaint. Ach níor éirigh leo. Goineadh a
dtaoiseach, an iarraidh seo; ach chuaigh acu é a thabhairt leo agus teitheadh
arís. I gceann tamaill ón am sin, sheas siad, don tríú huair in aghaidh lucht
an tóra; agus, le linn na teagmhála sin, rug na Camshrónaigh ar Mhac an Tóisigh
agus rinne siad príosúnaigh de féin agus dá mhac.
An méid de Chlann an Tóisigh a bhí beo agus in inmhe
reatha, d’imigh siad arís. Ach, le titim na hoíche, thángthas orthu, uair eile.
Chonaic siad chucu buíon de na Camshrónaigh; agus cé a bhí i gceann na buíne
ach an Táilliúir Dubh, an garbhghaiscíoch sárláidir a bhuail béim a ghonta ar
Mhac an Tóisiigh le linn na tríú teagmhála! Mar sin féin, níor thoil leis na
Tóisigh géilleadh.
Leum gach fear air a bhonnaibh, agus spìonadh gach glas-lann a duille;9
ach, ged nach robh laigse air an intinn, bha
an lùths air an trèigsinn.10 Thuit iad far an do sheas iad11, fo fhaobharan fuileach an luchd
mì-rùn. Cha do dh’fhàgadh beò den dà cheud gaisgeach a ghluais don tìr Abraich,
neach a bheireadh sgeul man deidhinn don
dùthaich fhèin12.
Féadtar bheith cinnte gur shuairc an fear é Mac
Dhomhnaill Duibh, an oíche sin, mar gheall ar an lánbhua a bhí faighte aige ar
na Tóisigh. Ach ní saor ó ghruaim a bhí sé, maidin arna mhárach, nuair ba
mhithid dó bheith ag filleadh ar a dhúnáras féin, an áit ina raibh a chéile
phósta. Ba san am sin a smaoinigh sé i gceart gur bheag comhghairdeas a
dhéanfadh sise leis. Óir b’iníon do Mhac an Tóisigh í; agus ba í do labhraíodh
go dána dalba nuair a bhuaileadh an tallann sin í.
Cé gur chalma an fear é Mac Dhomhnaill Duibh, ba
ródheacair leis bheith ar an chéad duine a d’inseodh di siúd go raibh sé i
ndiaidh scrios a imirt ar a cine, agus i ndiaidh a hathair agus a deartháir a
ghabháil ina bpríosúnaigh. Ach bhí teachtaire aige agus a bhéarfadh an scéal
chuici go breá tapa – agus an méid sin a dhéanamh gan scáth, gan eagla.
Táilliúir Dubh na Tua, ba eisean an teachtaire sin. Rinne sé mar a d’iarr Mac
Dhomhnaill Duibh air; agus níor luaithe a rinne ná ghabh an bhean fearg a
gcaithfeadh sí a ligean amach ar dhóigh éigin. Agus, le taod mire, theilg sí sa
tine an leanbh a rug sí féin do Mhac Dhomhnaill Duibh! Ach, lom láithreach,
thug an Táilliúir Dubh uirthi an leanbh a tharrtháil. Mura raibh eagla roimh a
fear féin uirthi, bhí seacht sáith eagla uirthi roimh Tháilliúir Dhubh na Tua.
Seo thíos an cuntas atá ag ‘Aonghas Bán’ ar an rud a
tharla nuair a d’fhiafraigh bean Mhic an Tóisigh den Táilliúir Dhubh cad é an
scéal a bhí leis chuici:
Fhreagair e gu suilbhir gun robh naidheachd
mhath – gun robh bian cait an-diugh air
plang, agus roghadh ’s toghadh air peighinn13 ... Thuig i nach
rachadh aice air a fearg a chaitheamh air an Tàillear; agus le teum cuthaich14 rug i air a
leanabh fèin, agus thilg i ann an
teis-meadhan na grìosaich15 e. Thug an Tàillear dubh-leum16 far an robh i, ’s
thuagh na làimh; agus le sgairt uamhasach ghlaodh e, “A bhean a rug an leanabh,
tog an leanabh!”
[1] Aonghas Bàn a scríobh é; agus foilsíodh é in How to Read Gaelic, leabhar atá curtha i gceann a chéile ag John White, agus a ndearna an Northern Chronicle, Inverness, é a fhoilsiú i mbliain a 1897.