Gluais do na hathfhriotail as an scéal
bunaidh
1 i ndiaidh éalú.
2 ar fáil.
3 arm, slua.
4 go míneartmhar, géilliúil.
5 cuireadh slua mór i gceann a chéile.
6 chuaigh siad a thabhairt aghaidh ar na
Francaigh.
7 ‘éigeandáil’.
8 ní raibh cearn di nach ndearna a cuid
féin chun onóir agus bláth na Breataine a chosaint.
9 ‘le bhur gcead’ in ionad ‘le do chead’,
(Le hurraim do dhuine a bhaintí feidhm as an fhoirm iolra – mar a dhéanann
muintir Thír Chonaill go fóill agus iad ag caint le pearsa eaglaise.)
10 i mo bharúil.
11 d’aithnigh.
12 a deir.
13 nach bhfuil…?
14 gur tugadh (fearadh) cath mór faoi dheireadh.
‘Blár’ .i. machaire, machaire catha. Sa chás seo, is ionann ‘blár’ agus an cath
féin.
15 mar cháithleach ón dallán, lá gaofar.
16 cailleach ag cloisteáil, dar léi, an
scéil ba bhinne léi, ‘wishful thinking’.
17 loch nach bhfeicfí bád air.
18 píosa de bhóthar nach bhfeicfí coisithe
agus marcaigh air.
19 uafás, scáth.
20 d’inis (chraobhscaoil) sé a raibh ann.
21 éadromú.
22 aimsir an fhómhair a bhí ann.
23 i mbá
Ghúraig (Gourock).
24 ciúin.
25 Allen Bane’s boat was run down by a big
steam-ship. (Tá lorg an Bhéarla ar chuid den abairt; ach d’fhéadfadh an chuid
eile bheith suimiúil go leor ag daoine a bhfuil The Native Speaker Examined Home 1
léite acu.)
26 dá raibh ar bord; den mhéid daoine a bhí
ar bord. (Nach cosúil é an taisme úd le cuid dár tharla do mhuintir na tíre seo
againn féin? Formhór mór dá raibh le bád Ailein Bháin, ba de bhunadh na
Gaeltachta iad, agus bhí siad ag imeacht ó dheas a bhaint an fhómhair do
fheirmeoirí na Lodann, mar a théann muintir Thír Chonaill agus muintir Mhaigh
Eo anonn go hAlbain agus go Sasana.)
1 Rev.J.M. O’Reilly, C.C., a scríobh. M.H.Gill &Son, Ltd., 50 Upper O’Connell Street, Dublin, a d’fhoilsigh.