Scéal a haon
An scéal seo, ‘Sean Chuimhneachan air a’ Choire
Ghlas’[1],
ní scéal grá, ná scéal oidhe, ná scéal bleachtaireachta, ná scéal síceolaíochta
é. Níl ann ach cuntas ar oíche fhada airneáin agus ar an seanchas a aithrisíodh
lena linn. Ach an t-atmaisféar atá ann, níorbh fhéidir dó, dar liom, gan bheith
taitneamhach ag duine ar bith arbh áin leis bheith ina shuí de chois tine, ar
feadh tamaill den oíche, agus é ag éisteacht le seandaoine na Gaeltachta. Is
cuimhin liom, an chéad uair a léigh mé scéal an Choire Ghlais, gur thug mé dó
an cineál céanna spéise a thug mé do Mhícheál
Rua [2].
De réir mar atá inste ag an údar, is aoibhinn an ball
tíre an Coire Glas. Óir tá sé ‘gleanntach, beanntach, coillteach, srathach,
lochach, aibhneach’. Agus tráth a bhí daoine ag áitriú ann, ba phléisiúr faoi
leith do dhuine bheith ar céilí ansiúd sa teach ina raibh Séamas Crúbach [3] agus a dheirfiúr, Seonaid, ina gcónaí.
Ba thíriúil, lách, suairceach, fáilteach, an bheirt iad sin. Bhíodh a dteach
glan ordúil; bhíodh tine bhreá mhóna ar an teallach, agus ní iarrfá pléisiúr ab
aoibhne ná Séamas a chloisteáil ag scéalaíocht ar an saol a bhí ag muintir an
Choire Ghlais, tráth a bhí seisean óg.
Mar sin de, thug Iain Mac Cormaic agus beirt
chompánach a n-aghaidh ar theach Shéamais Chrúbaigh, i dtús oíche áirithe
gheimhridh, Ba chiúin, má ba chrua reoiteach an oíche í, agus ní raibh scamall
dá laghad idir an talamh agus spéir a raibh breacadh álainn de réalta uirthi ó
cheann go ceann. Ach níorbh fhada a bhí an triúr ógánach i dteach Shéamais
nuair a chruinnigh na néalta dubha dorcha agus thosaigh stoirm shneachta chomh
tréan trom agus a chonacthas le fada an lá. D’fhan na hógánaigh go maidin san
áit inar tharla iad; ach níorbh annamh a dhéantaí a leithéid sin. Mar atá ráite
ag Mac Cormaic féin, ‘is tric a dh’fhanamaid far an
robh sinn, nan tigeadh an oidhche garbh… B’e cleachdadh na dùthcha e’.
Ba é cleachtadh na dúiche é, go díreach mar atá sé
ina chleachtadh go fóill ag muintir na Gaeltachta iarraidh ar lucht céilí
fanacht go ceann tamaill eile. Dála mar a deir muintir Thír Chonaill “Cad é
bhur ndeifre?” deir muintir na hAlban “Dè ur cabhag?”
lena leithéidí sin nuair a chuireann siad cuma orthu féin bheith ag imeacht.
Cibé ar bith, d’ullmhaigh Seonaid béile; agus itheadh
é sin go sultmhar. Nuair a bhí an méid sin déanta, shín Séamas Crúbach é féin
ar cholbha na leapa a bhí sa chistin. Dhearg sé a phíopa, agus thosaigh sé ag
scéalaíocht. Agus níorbh fhada gur tharraing sé air eachtra ina raibh lámh aige
féin, le linn é bheith ag seilg - ar
neamhchead an dlí.
Cé gurbh iomaí fia a mharaigh Séamas le hurchar
gunna, ní bhítí ag amhras air. Ní fheictí gunna ar iompar leis ach go hannamh,
mar bhí dóigh ar leith aige leis an ghunna a fholach ar chách, nuair ba mhian
leis an folach a dhéanamh. Sula dtéadh sé amach a bhradseilg, dhéanadh sé dhá
chuid den ghunna; chuireadh sé an stoc i bhfolach faoina sheaicéad agus
chrochadh sé an bairille taobh istigh de osán a bhríste - osán na coise crúbaí.
Mar sin de, ní chuirtí sonrú ar bith ann. Óir ba shiúl ‘nádúrtha’ dósan an
cineál céime a chaithfeadh bheith ag gnáthdhuine a mbeifí i ndiaidh teannbharra
iarainn a fheistiú go daingean de chúl na glúine aige.
D’inis Séamas an méid sin don triúr a bhí ar céilí
aige; agus, ina dhiaidh sin, d’inis sé dóibh scéal na heachtra úd.
Ar insint scéal na heachtra do Shéamas, bhí antráth
na hoíche ann. Bhí pota breá cáfraithe ullmhaithe ag Seonaid; agus ba shultmhar
a chaith gach duine a chuid féin den cháfraith sula ndeachaigh siad a luí.
Lá arna mhárach, bhí an spéir glan arís; agus ba
mhaiseach an t-éagasc a bhí ar bheanna an Choire Ghlais, agus solas croíúil na
gréine ag cur loinnreach ina ngealbhrat sneachta. Choinnigh Mac Cormaic cuimhne
ar an amharc sin riamh – mar choinnigh sé cuimhne ar an amharc a d’fhaigheadh
ar an Choire Ghlas, lá breá fómhair, nuair a bhíodh gleo cainte agus gáire ar
fud an Choire ag an mhuintir a bhíodh ag gearradh an choirce ann.
Ach, faraor, d’imigh sin agus tháinig seo! Neach ar
bith daonna níl ina chónaí sa Choire Glas anois. Rug an chinniúint bhocht
chéanna air a rug ar a lán áiteanna eile ina mbíodh daoine ar mhór a gcroí, ar
bheag a n-iarraidh – agus ar lú ná sin a gcleachtadh ar bhéasa nó ar theanga
ach na béasa agus an teanga ba dhual bheith ag Gaeil.
Seo thíos gearrachoimre de na teagmhála ar thrácht
Séamas Crúbach orthu le linn é bheith ag insint an scéil. Na focail a bhfuil
uimhreacha leo, tá míniú tugtha orthu sa Ghluais atá ag deireadh na hachoimre.
Séamas ag dul amach a bhradseilg
“...Thug mi an gunna as a chèile is chuir
mi am1 baraille sios ann an2 osan na briogaise3 – osan na coise
crùbaich – agus an stoc4
fom sheacaid. Bha5 mise
crùbach, co-dhiù;6 is cò chuireadh umhail orm!”7
Chaog8 Seumas a-rithist,9
is thionndaidh e aghaidh oirnn10
...
Chuaigh Séamas amach chuig giall an tí; agus cé a
chonaic sé ina sheasamh i mullach cnocáin bhig ach leathamadán de dhuine darbh
ainm Calum Marsaili. Agus ba mhaith a bhí a fhios aige cad é ba chúis do Chalum
bheith ina sheasamh ansiúd, agus é ag breathnú uaidh i ngach aird de na ceithre
hairde fichead.
Bhí gáir mhór le Fíníní na hÉireann san am úd; agus
bhí tuigthe ag seanmhná an Choire Ghlais gur dhream iad na Fíníní nach raibh
fúthu ná tharstu ach scrios dearg a imirt ar fud an domhain mhóir. Ba dhaingean
a chreid Calum bocht an saobhscéal céanna sin; agus tús oíche ar bith ní
ligeadh sé thairis gan seasamh, ar feadh tamaill, i mullach an chnocáin bhig go
bhfeiceadh sé an raibh cosúlacht ar bith ar na Fíníní bheith ag teacht de chóir
baile.
Lig Séamas “hileoigh!” ar Chalum, agus d’iarr air
teacht anuas chuige. Tháinig Calum; agus d’iarr Séamas ansin air bheith leis go
mbainfidís cúpla ualach raithní a dhéanfadh easair don mhuc. Thoiligh Calum;
agus d’imigh an bheirt acu chuig an Lag Bhán gur thosaigh siad ag baint na
raithní.
I gceann tamaill ón am sin, d’iarr Séamas ar Chalum
mulláin a dhéanamh den mhéid raithní a bhí bainte aige. Chrom Calum ar an obair
sin; agus le linn é a bheith ina ceann, chonaic Séamas an rud a raibh sé ag
dúil leis – tréad beag fia ag déanamh anuas ar loch an Laig Bháin.
Séamas ag
loscadh ar fhia, agus Calum ag teitheadh
Thog mi an gunna cam, is fhuair11 mi am fear bu mhò,12 slaic
dìreach, air an amharc, is leig mi am blaodh13
ud a-mach14 ...Thug am fiadh air an do loisg mi15
trì boiceannan as, agus thuit e na
chlosaich16… “So”, arsa mis rium fèin, ‘tha annlan a’
gheamhraidh againn, co-dhiù. ”
Ní raibh a fhios ag Calum bocht, ar chor ar bith,
gunna a bheith le Séamas; agus, chomh luath géar agus a chuala sé torann an
urchair, rinne sé amach go raibh na Fíníní i ndiaidh teacht chun an Choire
Ghlais agus gurbh iad a bhí ag lámhach. D’imigh sé leis sna featha fásaigh,
trasna an tsléibhe, agus gach aon uaill as á fhógairt go bhfaca sé trí chéad de
na hÉireannaigh i mullach na Binne Bioraí!
Ceathrar gíománach a bhí fán chomharsanacht, chuala
siadsan, fós, torann an urchair; agus tharraing siad go mear ar an taobh ónar
tháinig an fhuaim. Chonaic siad Séamas Crúbach thíos sa Lag Bhán, agus é i
gcosúlacht bheith ag gabháil do obair na raithní. Ach, lena chois sin, chonaic
siad an té a d’imigh trasna an tsléibhe mar a bheadh sé i gcoimhlint reatha
leis an ghaoth Mhárta. Moill dá laghad ní dhearna siad ach sciurdadh anuas go
tapa chuig Séamas Crúbach.
Séamas Crúbach agus na gíománaigh
“An robh Niall Ruadh mun cuairt17; an do
mhothaich thu18?” arsa fear dhiubh. “Chan fhaca mise,” arsa mi
fhèin.
“ Cò chaidh na ruith a null19 am monadh20,
an ceartair21?”
“O, ho-ho-hó!” arsa mise, is mi a’
gàireachdaich; “’s ann a bha an-sin23
Calum Marsaili. Nuair chuala e an urchair, chuir e na buinn air cho luath ri
fiadh, is dùil aige24 gun
robh na h-Èireannaich air a mhuin,” agus ghàir sinn le chèile. Bha iad25 fèin eòlach air
Calum. “M’ eudail thu26
fhèin, a Nèill!” arsa fear eile dhiubh; “is duilich27
do lorg a leantainn a-nis28.”
Bhí an gunna i bhfolach ag Séamas nuair a tháinig na
gíománaigh ar amharc. Ní fhaca siad gunna ar bith aige, ná ina aice. Rud eile,
ba dheimhin leo nach dteithfeadh Calum Marsaili mar a theith sé, dá mbeadh a
fhios aige gurb é Séamas a scaoil an t-urchar úd. Mar sin de, leag siad a
móramhras ar Niall Rua. Ba chliste cleasach an bradsealgaire é Niall; agus ba
mhaith a bhí an méid sin ar eolas acu.
D’fhiafraigh siad arís de Shéamas an raibh sé cinnte
nach raibh Niall Rua fán chomharsanacht. Dúirt Séamas, má bhí, gur gan a fhios
dósan a bhí. Ach, gan fhios do Shéamas nó go bhfios dó, ba ródheimhin leo gurbh
é Niall a scaoil an t-urchar úd.
Cibé ar bith, chuaigh siad chuig an áit ina raibh an
fia marbh; d’oscail siad é gur bhain siad an meanach as, agus d’iompair siad
leo é píosa maith ón áit inar thit sé. Faoi dheireadh d’imigh siad go léir sa
tóir ar Niall Rua; agus brón ar bith níor chuir a
n-imeacht ar Shéamas, óir b’eagal leis go dtí sin
nach bhfaigheadh sé an fia a thabhairt leis.
Séamas ag tabhairt an fhia leis
B’e seo m’ àm-sa. Dh’èalaidh mi air mo shocair29 gus an do thuig mi30 gun robh an rathad31 rèidh romham. Ràinig
mi am fiadh; is mun abradh tu “Bò chugad
e!”32 bha e na cheithir cheathramhan ... agus, mun do ruith dà uair an uaireadair,33
bha e ar a shailleadh an-siud.34
Á rá sin do Shéamas Chrúbach, shín sé a mhéar i dtreo
na fuinneoige, ag comharthú na háite inar folaíodh an fhiafheoil shaillte.
D’amharc an lucht céilí ar a chéile, agus gan a fhios acu cad é an chiall a
bhainfidís as caint Shéamais. Rinne Séamas féin gáire mór; agus d’iarr sé ar
Sheonaid an t-ionad taiscthe a thaispeáint dóibh.
D’éirigh Seonaid ina seasamh agus chuaigh sí chun na
fuinneoige. Thóg sí an clár adhmaid a bhí ar urlár na fuinneoige; agus lig sí
ris cuas ina raibh bairille a raibh leac chloiche os a chionn – agus lón breá
de fhiafheoil shaillte ina bhroinn!
[1] Scéal dá bhfuil sa leabhar ar theideal dó Seanchaidh na Tràghad. Iain Mac Cormaic a scríobh. Aonghas Mac Aoidh, 43 Murray Place, Stirling, a d’fhoilsigh.
[2] ‘Máire’ a scríobh. Preas Dhún Dealgan a d’fhoilsigh.
[3] Is ionann ‘crúbach’ agus ‘bacach’. Bhí cos bhacach ar Shéamas úd – cos a bhíodh mar a bheadh maide díreach ann, ar an ábhar nárbh fhéidir an ioscaid aici a lúbadh.