Réamhrá an Údair

Is minic a smaoiním gur mór an trua é Gaeilgeoirí na hÉireann agus Gaeilgeoirí na hAlban a bheith ar chomh beag de dháimh le chéile, agus ar chomh beag de shuim ina chéile, agus atá siad. Is eol dom, ar ndóigh, go dtagann saoithe Gaeilge an dá thír i ndáil a chéile, ar uairibh, agus go mbíonn caidreamh na ngaol agus na gcarad eatarthu. B’iontach an scéal é mura mbeadh, ó tharla sáreolas acu araon ar chanúintí Gaeilge an dá thír agus ar an tseanteanga ar eascair na canúintí sin aisti. Ach is neamhlíonmhar iad na saoithe sin i gcomparáid na ngnáth-Ghaeilgeoirí; agus, faraor, tá na gnáth-Ghaeilgeoirí in ainbhios a bhfuil de ábhar dáimhe idir an mhuintir thall agus an mhuintir abhus!

Mar sin de, chonacthas dom gur mhaith ab fhiú iarracht a dhéanamh chun cáil bheag féin de eolas ar Ghaeilge na hAlban, agus ar chuid dár cumadh inti a chur ar fáil do ghnáth-Ghaeilgeoirí na hÉireann. Is maith is eol dom gurb iomaí duine ab inniúla ná mise chun a leithéid sin de obair a dhéanamh. Ach, mura mór mo shaineolas ar Ghaeilge na hAlban, ní beag mo sheandáimh léi.

Ó Thrá an Deirg, an áit inar tógadh mé, is minic a bhíonn Maol Chinn Tíre le feiceáil beagnach chomh soiléir agus a bhíonn na hÁrainneacha le feiceáil ó chladach na Gaillimhe. Is minic a chuala mé seandaoine na nGlinnte ag caint ar na fir bhreátha a sheoladh anoir aduaidh ó Ìle agus ó Dhiùra, agus lastaí de iasc tirim acu le díol. Agus, ar ndóigh, thagadh a leithéidí sin ó Reachlainn – an t-oileán úd de Chontae Aontroma ina labhraítí Gaeilge a raibh ní ba mhó de chosúlacht aici le caint na muintire thall ná le caint na muintire abhus.

Dá thoradh sin uile, is fada an lá dáimh agam le Gaeilge na hAlban; agus, de réir mar a d’fhaighinn faill, ba thaitneamhach liom bheith ag léamh scéalta agus duanta agus dréachta eile a cumadh inti.

Go mion minic, le linn mé bheith á dhéanamh sin, níorbh fhéidir dom gan sonrú a chur san iomad cosúlacht atá acu siúd le nithe a chum daoine a tógadh i nGaeltacht na hÉireann. Agus is d’fhonn cuid bheag féin de na cosúlachtaí sin a chur i bhfios do ghnáth-Ghaeilgeoirí na hÉireann a ghlac mé orm féin an leabhrán seo a chur i gceann a chéile.

Níl mé gan dóchas go mbeidh suim ag cuid acusan, fós, san iarracht bheag seo chun teann a chur le hachainí an fhile úd a chum ‘Suas leis a’ Ghàidhlig’:

A chlann nan Gaidheal, bithibh seasmhach is dlùth,
Ri guaillibh a chèile a’ cosnadh gach cliù!

S. Mac M.
Féile Eoin, 1957.